An difríocht idir athruithe ar: "An tSoirbis"

Content deleted Content added
No edit summary
m Litriú caighdeánaithe
Líne 31:
Inniu, tá an tSoirbis á teagasc i gcúig bhunscoil fichead agus i dtrí mheánscoil. Sa mheánscoil Shorbach Íochtarach i gCottbus, tá an tSoirbis Íochtarach ina hábhar éigeantach, ach is trí mheán na Gearmáinise a fhaigheann na daltaí an chuid is mó den teagasc.
 
Tá aon nuachtán laethúil amháin ann, ''Serbske Nowiny'' ("Nuacht Sorbach"), agus é á fhoilsiú as Soirbis Uachtarach. Thairis sin, tá seachtaineánseachtanán amháin ann i Soirbis Íochtarach, ''Nowy Casnik'' ("An Nuachtán Nua"). Foilsíonn an Eaglais Chaitliceach a seachtaineánseachtanán féin as Soirbis Uachtarach, mar atá, ''Katolski Posoł'' ("An Teachtaire Caitliceach"), agus tá seachtaineánseachtanán eile ann do na Sorbaigh Phrotastúnacha, ''Pomhaj bóh'' ("Cuidigh linn, a Dhia"). Tá míosachán cultúrtha ann fós, ''Rozhlad'' ("An tSúil Timpeall"), agus is í an tSoirbis Uachtarach a theanga. Foilsítear iris do na páistí féin sa dá chanúint, ''Płomjo'' nó ''Płomje'' ("An Lasair") agus iris oideachais ''Serbska šula'' ("An Scoil Shorbach").
 
B'é Jakub Bart-Ćišinski (1856-1909) file náisiúnta na Sorbach. Scríobh sé a chuid dánta i Soirbis Uachtarach. B'é Mato Kosyk (1853-1940) an file ba tábhachtaí i Soirbis Íochtarach. Chaith sé leath a shaoil sna [[SAM|Stáit Aontaithe]], nó chuaigh sé ar imirce ansin i ndeireadh na naoú haoise déag.