An difríocht idir athruithe ar: "An Éigeandáil"

Content deleted Content added
No edit summary
Íomhá
Líne 1:
'''Ré na Práinne''' (nó "An Éigeandáil", uaireanta, mar lomaistriúchán ar an téarma [[Béarla]] ''Emergency'') a thugtar ar bhlianta an [[Dara Cogadh Domhanda]] in [[Éire|Éirinn]] ([[1940]]-[[1945]]). Bhí [[Tuaisceart Éireann]] ag glacadh páirte sa chogadh ar nós na [[An Ríocht Aontaithe|Ríochta Aontaithe]] go léir, ach d'fhan an chuid eile den oileán, an [[Saorstát Éireann|Saorstát]] taobh amuigh den chogadh. Bhítí, fiú, ag seachaint an chogaidh mar ábhar plé sna nuachtáin agus sna meáin eile.
 
[[Image:Downed german aircraft.jpg|thumb|280px|Saighdiúir Éireannach ag cosaint eitleán Ghearmáineach i rith Ré na Práinne]]
Bhí go leor cúiseanna leis an neodracht seo. Mar gheall ar an gcríochdheighilt, bhí go leor daoine sa tír a shíl gur cheart an deis a thapú chun Tuaisceart Éireann a ghabháil ar ais agus [[Sasana]] i gcruachás. Bheadh sé deacair, go polaitiúil, seasamh oscailte a ghlacadh ar son na gComhghuaillithe. Ar chúiseanna praiticiúla, thug rialtas [[Éamon de Valera]] tacaíocht rúnda do na Comhghuaillithe in aghaidh na [[An Ghearmáin|Gearmáine]].