An difríocht idir athruithe ar: "Comhphobail fhéinrialaitheacha na Spáinne"

Content deleted Content added
Dmd3music (plé | dréachtaí)
No edit summary
m Litriú caighdeánaithe
Líne 3:
Nuair a thiontaigh an Spáinn ón deachtóireacht i leith an daonlathais i ndiaidh bhás [[Francisco Franco|Franco]], bhí an lárstiúradh, an náisiúnachas agus an scarúnachas réigiúnda ina n-ábhair mhóra dhiospóireachta sa pholaitíocht. Ba léir go raibh níos mó saoirse ag teastáil ó na réigiúin, agus an dímheas a bhí ag stát Franco i leith na dteangacha réigiúnda, mar shampla. Ón taobh eile de, b'iomaí Spáinneach a bhí buartha, dá bhfaighfeadh na réigiúin an iomarca cumhachta féinrialaithí, go n-éireodh na coimeádaigh amach in aghaidh a leithéide, i gcruth is go bhféadfadh deachtóireacht nua teacht ar an bhfód. Bhí na páirtithe measartha ábalta comhréiteach a shocrú, áfach, a cuireadh i míotar i mBunreacht na Spáinne sa bhliain [[1978]]. B'é ba chuspóir leis seo ná an faobhar a bhaint den scarúnachas réigiúnda gan an eite dheis a chur i dtreo an chogaidh. An cineál stáit a cruthaíodh, tá sé iontach díláraithe i gcomparáid leis an gcuid is mó de thíortha na h[[An Eoraip|Eorpa]], gan trácht ar bith a dhéanamh ar an gcuma a bhí ar an Spáinn féin nuair a bhí [[Francisco Franco|Franco]] á rialú.
 
Tá féinriail chuimsitheach ag na comhphobail seo i gcúrsaí na reachtaíochta agus na cumhachta feidhmithí, agus parlaimintí is rialtais réigiúnda dá gcuid féin acu. Ní hionann iad na cumhachtaí ag gach comhphobal, nó tá a reacht féin um rialtas dúchais, nó ''estatuto de autonómia'', ag gach ceann acu, agus na cumhachtaí leagtha amach ansin. Go praiticiúil, aithnítear nach ionann na comhphobail eile agus na cinn ''stairiúla'', is é sin, [[an Chatalóin]], [[an Ghailís]], [[An Tír Bhascach|Tír na mBascach]], agus [[Andalucía|an Andalúis]]. Ar dtús, fuair na cinn stairiúla níos mó cumhachtaí, go háirithe an ceart atá ag Uachtarán an réigiúin a shocrú cén t-am a chóireofar an chéad toghchán eile do pharlaimint an réigiúin, ar acht nach mbeidh sé níos maille ná ceithre bliana i ndiaidh an toghcháin dheireanaigh roimhe sin. Sampla eile is ea é go bhfuil constáblachtaí réigiúnda dá gcuid féin ag an gCatalóin agus ag Tír na mBascach: ''Ertzaintza'' i dTír na mBascach, agus ''Mossos d'Esquadra'' sa Chatalóin. Tá cumhachtaí iomlána póilíníochtapóilíneachta ag na constáblachtaí áirithe seo. Maidir leis na réigiúin eile, tá constáblachtaí acu nach bhfuil na cumhachtaí céanna acu, cosúil leis an gceann san Andalúis, mar shampla (''Policía Autónoma Andaluza'').
 
Forálann Alt a Dó i mBunreacht na Spáinne go bhfuil "na réigiúin agus na náisiúntachtaí" i dteideal rialtas dúchais. B'é an cuspóir a bhí leis an bhforáil seo ná go bhfágfaí faoi na náisiúntachtaí stairiúla a raibh teanga ar leith acu a gcúrsaí féin a stiúradh, seachas comhphobal féinrialaitheach a bhunú i ngach aon chearn den tír. Mar sin féin, nuair a bhí an bunreacht á dhréachtáil, chuaigh muintir na hAndalúise amach sna sráideanna ag éileamh féinrialach, agus milliún go leith de dhaoine ag léirsiú ar an gceathrú lá de Mhí na Nollag sa bhliain 1977. B'é ba toradh dó seo ná dhá alt breise i mbunreacht na bliana 1978, mar atá, Alt a 143, a chuir ar chumas na réigiún ar fad stádas an chomhphobail fhéinrialaithigh a bhaint amach, agus raon áirithe de chumhachtaí aistrithe ar fáil dóibh (''café para todos'', cupán caife do chách, mar a thugadh naimhde an dílárnaithe ar an alt san am); agus Alt a 151, le feidhmeanna an chomhphobail a leagan amach i gcás na déabhlóide ab iomláine a bheadh ar fáil.