An difríocht idir athruithe ar: "Grianchóras"

Content deleted Content added
No edit summary
m Botún litrithe
Líne 5:
Ní thugtar grianchóras ach ar an gcóras timpeall na Gréine. Nuair atáthar ag trácht ar chórais den chineál chéanna atá ag timpeallú na réaltaí eile, is é an [[córas pláinéadach]] an téarma ceart.
 
Is í an Ghrian croílár an ghrianchórais. Ansin atá 99.86 % de [[Mais|mhais]] an chórais, agus, ní nach ionadh, tá an chuid eile den chóras á stiúradh ag imtharraingt na Gréine. Réalta de chuid an [[Príomhsheicheamh na réaltaí|phríomhsheichimh]] atá ann, agus í ag baint leis an [[aicme speictreach]] G2 - is é sin, cineál abhacréalta bhuí atá ann. Faoi bhrú na maise móire, tá dlús an damhna i gcroílár na Gréine chomh mór is go gcoinníonn sé an [[Comhleá núicléach|chomhleá núicléach]] ag imeacht. An [[fuinneamh]] a fhuasclaítear san imoibriú núicléach seo, imíonn an chuid is mó de leis an radaíocht leictreamhaighnéadachleictreamaighnéadach, an solas infheicthe san áireamh. An chuid de mhais an Ghrianchórais nach bhfuil comhchruinnithe sa Ghrian féin, tá níos mó ná 90 % de sa dá phláinéad is mó sa chóras, mar atá, [[Iúpatar (pláinéad)|Iúpatar]], agus [[Satarn (pláinéad)|Satarn]]. Creideann a lán saineolaithe inniu go bhfuil scamall sféarúil d'astaróidigh ag timpeallú na Gréine i bhfad amach ó na pláinéid, is é sin, [[Scamall Oort]], agus caithfidh sé go bhfuil céatadán ard de mhais an Ghrianchórais ansin freisin, más ann don scamall sin ar aon nós.
 
== Reanna sa ghrianchóras ==