An difríocht idir athruithe ar: "Constáblacht Ríoga na hÉireann"

Content deleted Content added
m robot Adding: zh:皇家爱尔兰警队
m Íomhá (Lógó CRÉ)
Líne 1:
[[Íomhá:RIC Station Badge.gif|thumb|Lógó an CRÉ]]
Bhí '''Constáblacht Ríoga na hÉireann''' ("Royal Irish Constabulary", RIC), nó "na saighdiúirí dubha", mar a thugtaí ar na constáblaí sa [[An Ghaeltacht|Ghaeltacht]] (cf. saothar [[Seán Bán Mac Meanman|Sheáin Bháin Mhic Mheanmain]]), ar ceann den dá chonstáblacht a bhí ag obair in Éirinn i dtús na fichiú haoise, in éineacht le [[Póilíní Ceannchathartha Bhaile Átha Cliath]] (Dublin Metropolitan Police). Bhí constáblachtaí dá gcuid féin ag [[Doire]] agus ag [[Béal Feirste]] roimh an mbliain 1870, ach scoireadh sa bhliain sin iad, ó bhí siad sáite san fhoréigean seicteach. B'í an Chonstáblacht Ríoga a ghlac uirthi cúraimí na gconstáblachtaí seo ansin. Sa bhliain 1922, cuireadh deireadh leis an gConstáblacht Ríoga, agus tháinig dhá fhórsa poilíneachta nua ina háit, mar atá, an [[Garda Síochána]] i [[Saorstát Éireann]] agus [[Constáblacht Ríoga Uladh]] (''Royal Ulster Constabulary'', RUC) i d[[Tuaisceart Éireann]].