An difríocht idir athruithe ar: "Lorenzo Ó Meachair"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Litriú caighdeánaithe
Líne 42:
Bá bhliain iontach í 1926 do Mhuintir Uí Meachair, nuair a tháinig a dheartháireacha Henry agus Willie isteach i bhfoireann na gCat. Bhí tús maith acu chomh maith, le bua i gCraobh Laighean agus áit ina chéad cluiche ceannais na hÉireann. Thugadar aghaidh ar [[CLG Coiste Contae Chorcaí|Chorcaigh]] ar an lá seo, lá ina raibh [[Páirc an Chrócaigh]] clúdaithe faoi bhrat sneacht. Fuair na Ceannarcaigh an bua, le scórlíne deiridh 4-6 go 2-0. Buille tubaisteach a bhí ann do mhuintir iomána Chill Chainnigh, agus tháinig meath mór ar an bhfoireann idir-chontae ar feadh tamaill gearr.
 
Bhí 1931 ann nuair a thosaigh cúrsaí ag éirí níos fearr do na Cait, agus tháinig siad ar ais le Ó Meachair ina chaptaen orthu. Bhain sé a tríú corn Laighin amach, agus cháiligh Cill Chainnigh don chluiche deiridh arís. Cé a bhí ann ag fanacht dóibh ach na Ceannarcaigh arís. Ócáid iontach a bhí ann, cluiche géar a chríochnaigh ar chomhscór 1-6. Bhí ath-imirtathimirt de dhíth mí níos déanaí, cluiche a bhí chomh géar is a bhí an chéad babhta. Bhí Ó Meachair ag imirt ag barr a mhaitheasa ag an am seo, rud a léirigh sé go soiléir le sár-chúilín a chuir sé thar an trasnán ó 90 slat amach. In ainneoin an sár-iarracht a chuir Ó Meachair isteach, ní raibh faic idir na foirne ag deireadh an lae, agus imríodh comhscór arís 2-5. Mar sin, lean an sága ar aghaidh go dtí an tríú cluiche, an dara ath-imirtathimirt, ach gortaíodh Ó Meachair sa dara cluiche (easna briste) agus níor ghlac sé aon pháirt. Mar gheall ar ghortú a gcaptaen, ba bheag nar ghéill na Cait agus sheol siad amach foireann óg a chaill le scór deiridh 5-8 go 3-4.
 
Cé go raibh sé ar thaobh na gcailliúnaithe in dhá chluiche ceannais, níor chaill Lory Ó Meachair muinín ar bith. Bhuaigh na Cait Craobh Laighean arís sa bhliain 1932, agus ghlac siad áit sa chluiche mór arís. Bhí Curaidh na Mumhan,[[CLG Coiste Chontae an Chláir|an Clár]], ós a gcomhair an bhliain seo. Chuir Ó Meachair sár-thaispeántas isteach arís ar an lá, le cúl ó phoc sleasadh a bhain an corn dóibh, 3-3 in éadan 2-3. Sa deireadh, bhí a chéad bonn uile-Éireann aige.