An difríocht idir athruithe ar: "Tantalam"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m Botún litrithe
Líne 11:
Is é an '''tantalam''' [[Dúil cheimiceach|dúil]] uimhir a 73, agus is í an t[[siombail cheimiceach]] a sheasann dó ná '''Tá'''. Miotal crua gormliath é a áirítear ar na miotail trasdultacha. Tá sé díonach go maith ar an gcreimeadh, agus mar sin, baintear úsáid as sna cóimhiotail. Ní fhlúirsíonn an tantalam sa dúlra, ach bíonn sé le fáil sa [[tantailít]], in éineacht leis an [[niaibiam]] a bhfuil sé gaolmhar leis ó thaobh na n-airíonna ceimiceacha de. Níl sé araiciseach chun imoibriú, rud a chiallaíonn gur miotal luachmhar é le haghaidh dhéantús gléasra saotharlainne, ach thairis sin, baintear leas as i d[[toilleoir]]í [[leictrilít|leictrealaíocha]].
 
Tá a lán [[mianra|mianraí]] éagsúla ann ina bhfuil tantalam le fáil: tantailít (ocsaídí an tantalaim, an niaibiam, an iarainn agus na mangainéise), micrilít (ocsaídí an chailciam, an tsóidiam agus an tantalaim), eoixéinít (ocsaídí an chailciam, an niaibiam, an tantalaim, an cheiriam, an tiotáiniamtíotáiniam, an itriam, an [[úráiniam]], agus an tóiriam), agus araile. Is minic a dhearctar ar an tantailít agus ar an gcolaimbít (an niaibít) mar dhá leagan den mhianra chéanna: nuair a bhíonn an niaibiam níos flúirsí ann, tugtar colaimbít nó niaibít air, agus nuair a bhíonn níos mó tantalam ann, deirtear gur tantailít atá ann.
 
Tá an chuid is mó den tantalam nádúrtha comhdhéanta as aon [[iseatóp]] amháin, mar atá, <sup>181</sup>Tá. Tá iarsmaí beaga den iseatóp radaighníomhach úd <sup>180m</sup>Tá. Tugann an "m" le fios gur isiméir núicléach de chuid <sup>180</sup>Tá den "ghnáthchineál" atá ann - is é sin, go bhfuil eagar éagsúil ar na núicléóin i núicléas an dá chineál <sup>180</sup>Tá. Déantar <sup>180</sup>Tá go saorga in imoibreoirí núicléacha, agus is iseatóp as pabhar radaighníomhach é - níl sé ach ocht n-uair an chloig ar leathré.