An difríocht idir athruithe ar: "An tSualainnis"
Content deleted Content added
No edit summary |
+WD |
||
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Teanga}}
Ceann de na [[teangacha Lochlannacha]], nó na [[teangacha Gearmáinice]] Thuaidh, is ea an t'''Sualainnis''' (''svenska'', ''svenska språket'', mar a deir lucht labhartha na teanga féin). Labhraíonn timpeall naoi milliún duine an teanga sa [[An tSualainn|tSualainn]] agus ar fud chóstaí na [[An Fhionlainn|Fionlainne]]. An duine a bhfuil an tSualainnis go paiteanta aige, is féidir leis adhmad maith a dhéanamh den chaint [[Ioruais]]e, ach cuireann fuaimniú aisteach na [[Danmhairgis]]e go mór isteach air an teanga labhartha a thuiscint, cé go bhfuil an Danmhairgis scríofa sothuigthe go leor aige. Tugtar ''rikssvenska'', nó "Sualainnis na Ríochta", ar an teanga chaighdeánaithe a úsáidtear sna meáin chumarsáide, agus í bunaithe ar na canúintí a labhraítear timpeall [[Stócólm]] agus sa ghleann timpeall an locha [[Mälaren]]. Mar sin féin, níl sé as an ngnáth canúintí tuaithe a chloisteáil ar an raidió ó am go ham.
|