An difríocht idir athruithe ar: "An tSuvaisis"

Content deleted Content added
m Litriú caighdeánaithe
+WD / + Refs
chlib amháin: Disambiguation links
 
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Teanga}}
{{Teanga|ainm=Suvaisis|ainm_sa_teanga='''Чӑвашла'''
 
|tír_a_labhraíonn_í_with_in=[[An Rúis]]
|réigiún=[[An tSuvais]]
|cainteoirí=1,330,000 (''Daonáireamh na Rúise, 2002'')|rang= ~
|líne_ghinealaigh=[[Teangacha Altaecha|Altaeis]]<br />
&nbsp;[[Teangacha Tuircice|Tuircic]]<br />
&nbsp;&nbsp;[[Teangacha Óghúirice|Óghúiric]]<br />
&nbsp;&nbsp;&nbsp;'''Suvaisis'''<br />
|teanga_oifigiúil_ginideach=[[An tSuvais|na Suvaise]]
|rialtóir=''Níl údarás teanga ann''
|iso1=cv|iso2=chv|iso3=chv}}
[[Teangacha Tuircice|Teanga Tuircice]] is ea an t'''Suvaisis''' a labhraítear taobh thiar de na Sléibhte Úralacha i lár na [[An Rúis|Rúise]]. Tá sí ina [[Teanga (cumarsáid)|teanga]] oifigiúil i [[Poblachtaí na Rúise|bpoblacht fhéinrialaitheach]] na [[An tSuvais|Suvaise]], arb í Cheboksary a príomhchathair, agus í suite idir Kazan agus Nizhniy Novgorod. Tugann lucht a labhartha ''Чӑвашла'' nó ''Čăvašla'' ar a dteanga féin. Níl na tuairiscí ag teacht le chéile faoi líon na gcainteoirí, ach is féidir glacadh leis go bhfuil an tSuvaisis ag níos mó ná aon mhilliún duine. Tá stór focal na Suvaisise breac le hiasachtaí ón [[Rúisis]], ó na teangacha Finne-Úgracha agus ó na [[teangacha Iaránacha]], agus is í an [[aibítir Choireallach]] a úsáidtear le hí a bhreacadh síos. Tá an tSuvaisis an-difriúil leis na teangacha Tuircice eile, agus í dothuigthe ag a gcainteoirí. An chuid eile de na teangacha Tuircice, bíonn siad sách intuigthe ag cainteoirí a chéile, agus mar sin, is féidir a rá nach teanga Tuircice í an tSuvaisis sa ghnáthchiall, ach gur chóir grúpa níos sine a phostaláidiú a mbeadh an tSuvaisis agus an tSean-Tuircic ina mbaill de. Is é sin, d'fhorbair na teangacha Tuircice eile as an tSean-Tuircic, ach cé go bhfuil an tSuvaisis gaolmhar leis an tsean-Tuircic, ní aisti a d'fhorbair sí. D'fhéadfá a rá, más deirféaracha dá chéile iad na teangacha Tuircice eile, gurb í an tSuvaisis an aintín.
 
Críostaithe is ea na Suvaisigh de ghnáth, má tá aon chreideamh ar leith acu. Mar sin, ní raibh gá acu leis na téarmaí Moslamacha a bhíonn le fáil sna teangacha Tuircice eile. Agus an méid sin ráite, tá cuid mhaith focal Araibise agus Peirsise i ngnáthúsáid sa tSuvaisis.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{Síol-teanga}}
 
{{síol}}
 
[[Catagóir:Teangacha na Rúise]]