An difríocht idir athruithe ar: "An tOireachtas"

Content deleted Content added
+WD / + Refs
No edit summary
Líne 10:
 
Tá Tithe an Oireachtais lonnaithe i d[[Teach Laighean]] i m[[Baile Átha Cliath]]. Tá an Dáil ar an gceann is mó cumhacht.
 
==Gluais de choincheapa a bhaineann leis an Oireachtas==
 
Acht: Píosa reachtaíochta atá tar éis dul trí dhá Theach an Oireachtais agus atá sínithe ina dhlí ag an [[Uachtarán]]. Le hAcht is féidir píosaí eile reachtaíochta a leasú freisin.
 
Comhaltaí: Ainm eile ar TD nó Seanadóir
 
Doiciméid Leagtha: Is doiciméid iad na Doiciméid Leagtha a chuirtear go foirmiúil faoi bhráid Thithe an Oireachtais d’fhonn tacú leis an bpróiseas daonlathach.
 
Leabhar Reachtanna na hÉireann: Stór ar líne de reachtaíocht inchuardaithe.
 
Ordú um Thosach Feidhme: I.R. a chuireann tús go sonrach le cuid d’Acht.
 
Riar na hOibre
Is doiciméad é Riar na hOibre ar a leagtar amach an gnó atá roimh gach Teach ar bhonn laethúil. Tá Riar éagsúil Oibre don dá Theach. Tá liosta na ndoiciméad a leagadh faoi bhráid na dTithe le feiceáil ar an dá Riar Oibre. Is féidir teacht ar an dá Riar Oibre ar an leathanach ‘Páipéir ghnó laethúla’ ar shuíomh gréasáin an Oireachtais.
Tairiscint Ceadaithe (Ceadú Tairisceana): Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó iontu araon) a cheadaíonn do Chomhaltaí díospóireacht a dhéanamh ar phíosa reachtaíochta atá beartaithe agus vótáil uirthi. Luafar an ceanglas Tairiscint Ceadaithe a bheith ann sa reachtaíocht chomhfhreagrach.
 
Tairiscint Neamhnithe: Togra foirmiúil a dhéantar sa Dáil nó sa Seanad (nó iontu araon) lena gceadaítear píosa reachtaíochta atá beartaithe a chur ar neamhní tar éis díospóireachta agus vóta ag Comhaltaí. Luafar an ceanglas seo sa reachtaíocht chomhfhreagrach lena bhforordófar líon laethanta ar féidir an reachtaíocht a neamhniú taobh istigh de. Tréimhsí 7, 10, nó 21 lá suí atá socraithe.
 
Teachta/Teachtaí: Ainm eile ar TD.
 
Tithe an Oireachtais (An dá Theach/Gach Teach): An Dáil agus an Seanad.
 
Tréimhse Reachtúil:
Tagraíonn tréimhse reachtúil do Thairiscint Neamhnithe .i. an líon laethanta suí atá ar
fáil do Chomhaltaí chun díospóireacht a dhéanamh faoi dhoiciméad áirithe agus vótáil air. Is gnách gur 21 lá suí a bhíonn i gceist le tréimhsí reachtúla ach is féidir 10, nó 7 lá suí a bheith i gceist freisin. Luafar an tréimhse reachtúil sa reachtaíocht.
 
 
== Féach freisin ==