An difríocht idir athruithe ar: "Ivan IV Vasilyevich"
Content deleted Content added
No edit summary |
m Botún litrithe |
||
Líne 22:
Cailleadh athair Ivan, Vasiliy a Trí, sa bhliain [[1533]], agus ó ba rud é nach raibh ach trí bliana slánaithe ag a mhac óg, fágadh na móruaisle - na boigheáraigh - i seilbh na tíre.
Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí sna boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na sean-Rúise, agus nuair nach raibh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht idir na teaghlaigh éagsúla faoi cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Ivan óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an gcineál brilsce agus bruíonachais a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann dul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh chomh maith leis na
Chloígh Ivan an dá Chánacht mhóra, Kazan agus Astrakhan, sna 1550idí, ach níor bhac sé leis an [[Cánacht na Crimé|gCrimé]], nó bhí an leithinis seo faoi choimirce Shabhdán na Tuirce, a bhí ina thiarna chomh cumhachtach dainséarach agus gurbh eagal le hIvan féin é.
Líne 28:
Ba le linn Ivan a cuireadh tús le gabháltas na [[An tSibéir|Sibéire]]. Bhronn Ivan tailte móra in oirthear na Rúise - arbh ionann é ag an am agus na Sléibhte Úralacha, teorainn na [[Eoraip|hEorpa]] is na h[[Áise]] - ar thráchtálaí shaibhir dar shloinne Stroganov.
Bhí súil ag Ivan go dtabharfadh Stroganov an áit chun míntíreachais agus go dtógfadh sé poill mhianaigh ansin le salann a bhaint as an talamh. D'fhruiligh Stroganov arm príobháideach lena chuid tailte a chosaint agus chuir sé cath ar na
Ba thoradh é seo gur éirigh cogadh idir na
Ar ndóigh, ní i bhfaiteadh na súl a tháinig borradh ar an trádáil Shibéireach: forbairt fhadaraíonach a bhí i gceist le feachtas Yermak féin, gan aon trácht a dhéanamh ar an ngabháltas iomlán ar an tSibéir. Dáiríribh, bhí an imirce go dtí an tSibéir inchomparáide ar go leor bealtaí leis an dóigh ar ghabh na Meiriceánaigh an t-"[[Iarthar Fiáin]]" ó na hIndiaigh. - Thairis sin, ba thréimhse mhór bhorrtha í tréimhse Ivan i gcúrsaí trádála ar dhóigheanna eile fosta, agus naisc úra á gceangal leis an Eoraip féin chomh maith leis an Áis.
|