An difríocht idir athruithe ar: "Aontachtóirí na hÉireann"

Content deleted Content added
gramadach
Líne 7:
==An Dúchas Briotanach==
 
Is é an dúchas Briotanach lárphointe na hAontachtóireachta in Éirinn. Creideann an tAontachtóir i bprionsabail na [[An Réabhlóid Ghlórmhar|Réabhlóide Glórmhaire]] sa bhliain 1866, mar a cheiliúrann [[an tOrd Oráisteach]] ar a gcuid mórshiúlta iad, agus léiríonn an tAontachtóir urraim do Choróin na Breataine Móire, ós dóigh leis gurb í an Choróin is mó a sheasann do na prionsabail sin. Is é dearcadh na Náisiúnaithe in Éirinn ná gur chóir scarúint a lorg ón mBreatain Mhór, is é dianbharúil na nAontachtóirí gur cheart an nasc leis an mBreatain Mhór a dhaingniú agus a bhuanú, agus is cúis bhróid dóibh gur Briotanaigh iad agus gurb iad siombailí an Bhriotanachais a siombailí féin. Ina dhiaidh sin féin, is féidir leis na hAontachtóirí a cheapadh agus a rá gur Éireannaigh iad freisin.
 
Siombailí tábhachtacha don Aontachtóireacht is ea iad an Bhanríon, teaghlach ríoga na Breataine Móire go léir, bratach na hAontachta agus parlaimint na Breataine Móire. Sna ceantair Aontachtacha i dTuaisceart Éireann, bíonn muintir na háite ag cur na siombailí seo ar taispeántas go hoscailte lena ndílseacht do dhúchas a bpobail a léiriú.