An difríocht idir athruithe ar: "Uí Bhriúin"

Content deleted Content added
→‎Clanna: Naisc
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 18:
 
== Bunús tíreolaíoch ==
Cé go gcreideann Francis Byrne agus JohnSeán O'DonovanÓ Donnabháin gurbh as ''Mag nAí'' an chlann ó dhúchas, luann Roderic O'Flaherty agus John Colgan na scéalta inste faoi Naoimh Pádraig<ref>Roderic O'Flaherty, ''Ogygia'', iml. II, cuid III, lch. 293.</ref> agus Felartus,<ref>John Colgan, ''Acta Sanctorum Hiberniae'', lch. 788.</ref> agus iad ag tabhairt cuairte ar mhic Briúin ar Mhaigh Seola. De bharr an mhearbhaill a bhaineann le suíomh an 'Mag Selce' luaite sa [[Vita tripartita Sancti Patricii]], mholl Nicholls gur bogadh ar chúiseanna polaitiúla áit dúchais Uí Bhriúin chuig gar de Ráth Cruachan faoinfaoi am [[Tíreachán|TíreacháinThíreacháin]].<ref>K. W. Nicholls, "Some Patrician Sites of Eastern Connacht", ''Dinnseanchas'' 5:4 (1973), lch. 118.</ref> Tugann MacCotter le fios nach mbeadh ar fáil ag muintir Uí Bhriúin ar ''Mag nAí'' agus iad ag teacht chun cinn ach cúpla paróiste sibhialta.<ref>Paul MacCotter, ''Medieval Ireland: Territorial, Political and Economic Divisions'', lch. 209.</ref>
 
Sa scéal ''[[Aided Chrimthaind maic Fhidaig ocus Trí mac Echach Muigmedóin]]'', agus seanscéal an cogadhchogaidh idir Brión agus Fiachra á insint, deirtear go raibh Fiachra bunaithe i nAidhne agus Brión ag Damh-Chluain, i nUínUíbh Bhriúin Seola taobh thiar de [[Tuaim|Thuaim]].<ref>JohnSeán O'DonovanÓ Donnabháin, ''The Genealogies, Tribes and Customs of Hy-Fiachrach'', Addendum A, lch. 344.</ref> Cé gur seanscéal é, b'fhéidir gur nod é gur thír dhúchais Uí Bhriúin é seo. I dteannta seo, mhol Hubert Knox gurbh as barúntacht [[Baile Chláir|Bhaile Chláir]] i gContae na Gaillimhe í muintir Uí Briúin, ina príomhchlann na [[Conmaicne|gConmaicne]] lonnaithe ann.<ref>Hubert Thomas Knox, ''The History of the County of Mayo to the Close of the Sixteenth Century'', ll. 19-20.</ref> Is díol spéise é go dtugtar an teidil rí Chonmaicne ar [[Cellach mac Rogallaig|Ceallach mac Raghallaigh]] i [[Leabhar Bhaile an Mhóta]].<ref>[[Leabhar Bhaile an Mhóta]], ARÉ MS 23 P 12, f. 37r.</ref>
 
Is comhsheasmhach é an smaoineamh gur thángthas as Maigh Seola leis an eolas go raibh cónaí ar luath Uí Bhriúin (m.s. [[Cenn Fáelad mac Colgan|Ceann Faoladh mac Colgan]] agus Ceallach mac Raghallaigh) ar [[Loch Cime]], chomh maith le deontas [[Eanach Dhúin]] ag [[Áed mac Echach|Aodh mac Eachach]] sa 6ú haois.<ref>[[Annála Inis Faithlinn]], AIF 578.2.</ref> Mheas Byrne nár dhócha é seo de bharr an achair idir Eanach Dhúin agus ''Mag nAí''.<ref>Byrne, Francis J., ''Irish Kings and High-Kings'', lch. 245.</ref> I dteannta sin, deirtear sna hannála gur maraíodh Ceann Faoladh ag fir Chonmaicne Cuile,<ref>[[Annála Tiarnaigh]], AT 682.1</ref> agus sna ríliosta i [[Sioncronachtaí Laud]] "a dhaoine féin a mharú".<ref>''A dáine fén romarb'', [[Sioncronachtaí Laud]], lch. 116r</ref> Dá mba fhíor iad, thabharfaidís tacú leis an teoiric gur Chonmaicne iad Uí Bhriúin.
 
Agus ''[[Máenach mac Báethíne]]'',<ref>ACM 649.3.</ref> san áireamh, feictear sinsir na trí mór ghéaga den teaghlach ina gcónaí nó ag troid i gceantar Mhaigh Seola sa 7ú haois. Glaoitear "Magh Ua mBriuin" ar an gceantar úd taobh thoir de [[Loch Coirib]] chomh déanach ar a laghad is 1149.<ref>ACM 1149.13.</ref> Is dócha gurb ionann seo agus críocha "rí Uí Bhriúin", referralteideal a rugadhtugadh de ghnáth ar ríthe Uí Bhriúin SeóolaSeola.<ref>Anne Connon, "Uí Briúin" in ''Medieval Ireland: An Encyclopedia'', lch. 486.</ref> Mar a thugann Knox le fios, rinneadh idirdhealú i [[Leabhar na gCeart]] eatarthu agus Síol Muireadhaigh as lár Ros Comáin. Molann iad siúd uile gurbh ionann Uí Bhriúin Seola agus Uí Bhriúin féin ó dhúchas.<ref>Hubert Thomas Knox, ''The History of the County of Mayo to the Close of the Sixteenth Century'', lch. 20.</ref>
 
== Féach freisin==