An difríocht idir athruithe ar: "Faireog thímis"

Content deleted Content added
m Litriú caighdeánaithe
+WD / + Refs
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Anatamaíocht}}
[[Image:Glandes endocrines.JPG|250px|thumb|Na faireoga éagsúla inchríneacha de chuid an duine.
 
1 : [[Faireog Phinéalach]] - 2 : [[Faireog Phiotútach]] - 3 : [[Faireog Thíoróideach]] - 4 : [[Faireog Thímis]] - 5 :[[Faireoga Aidréineacha|Faireog Aidréineach]] - 6 : [[Paincréas]] - 7 :[[Ubhagán]] - 8 : [[Magairle|Uirí]]]]
Is orgán speisialaithe í an '''fhaireog thímis''' sa [[córas imdhíonachta|chóras imdhíonachta]] i [[Veirteabrach|veirteabraigh]], a luíonn sa chuid uachtarach den [[Cliabhrach|chliabhrach]] i [[Mamach|mamaigh]] gar do na [[fuileadáin]] mhóra is an [[croí]]. Braitheann a chruth is a mhéid ar na struchtúir mórthimpeall air. I ndaoine, athraíonn a mhéid go mór ó dhuine go duine comhaoiseach. Ag breith an linbh bíonn [[meáchan]] timpeall 13 g aige, fásann sin go leanúnach go dtí timpeall 37 g ag teacht in oirbheart, agus cúlaíonn go mall leanúnach ina dhiaidh sin. De réir dealraimh, tá baint dhlúth aige le cealla an chórais imdhíonaigh. Is gá é don leanbh nuabheirthe d'fhorbairt [[Fíochán|fíocháin]] liomfóidigh is inniúlachta imdhíonaí. Sa duine fásta baineann sé le táirgeadh limficítí, cuid díobh a tháltar isteach in imshruthú na [[Fuil|fola]], ach an chuid is mó a mhilltear taobh istigh den fhaireog féin. Go luath i saol duine, déanann cealla réamhtheachtacha imirce ó smior na g[[cnámh]] isteach sa tímeas, áit a n-aibíonn siad ina T-limficítí (T-chealla) a mbíonn dualgas orthu maidir le [[Imdhíonacht|himdhíonacht]] na gceall.
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síolSíol-anat}}
 
[[Catagóir:Faireoga]]