An difríocht idir athruithe ar: "Muireadhach mac Ainfhaichilligh"

Content deleted Content added
m Bhog Marcas.oduinn an leathanach Muiredach mac Ainbcellaig go Muireadhach mac Ainfhaichilligh: Leagan NuaGhaeilge
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Nasc
clib: Mobile edit Mobile web edit Advanced mobile edit
Líne 2:
Rí [[Cenél Loairn|Chineál Loairn]] agus [[Ríthe Dhál Riada|Rí Dhál Riada]] in iarthar na [[Albain|hAlban]] ba ea ''' Muireadhach mac Ainfhaichilligh ''' ([[Meán-Ghaeilge]] '''Muiredach mac Ainbcellaig''') ón mbliain 733 go dtí 736.
 
[[Ainbcellach mac Ferchair|Ainfhaichilleach mac Fearchair]] ba ea a athair. Tuairiscítear a theacht i réim sa bhliain 733,<ref>[[Annála Uladh]], AU 733.2</ref> cé nach follasach é sna h[[annála Éireann]] ar tháinig sé i gcomharbacht ar [[Eochaid mac Echdach|Eochaidh mac Eochach]], rí Dál Riada. Níl sé soiléir ach oiread cé ar tháinig sé i gcomharbacht air mar rí Chineál Loairn, ach d'fhéadfadh é gurbh é a chol ceathrar, [[Dúngal mac Selbaig|Dúngal mac Sealbhaigh]], a bhí i gceist. Feictear Muireadhach sa dán molta den 11ú haois, [[Duan Albanach]].
 
Is dócha gur tháinig deireadh leis tar éis do Dhál Riada bheith cliste ag na Cruithneach faoi cheannas [[Óengus I na gCruithneach|Aonghasa I]]. Tuairiscítear fosta go ndeachaigh [[Talorgan mac Fergusa|Talorgan]] deartháir Aonghasa ar tóir 'mhic Ainfhaichilligh', ach ní deirtear ar mharaigh sé é.<ref>AU 736.1, 736.2</ref>