An difríocht idir athruithe ar: "An Úcráinis"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
Físeán #WPWP
Líne 3:
[[Teanga (cumarsáid)|Teanga]] Shlabhach Oirthearach is ea an '''Úcráinis''' a labhraítear go coitianta san [[An Úcráin|Úcráin]] agus mar theanga mhionlaigh sna tíortha atá ag críochantaíocht leis an Úcráin. Tá pobail mhóra Úcránacha i dtíortha an Bhéarla chomh maith, go háirithe i gCeanada. Glactar leis go bhfuil Úcráinis ag timpeall is 40 milliún duine. Úsáidtear an [[aibítir Choireallach]] leis an Úcráinis a scríobh, ach tá litreacha áirithe in úsáid san Úcráinis nach bhfuil le fáil in aibítir na [[Rúisis]]e - є, і, ї, ґ.
 
[[File:WIKITONGUES- Vira speaking Ukrainian.webm|thumb|250px|An Úcráinis]]
Tá trí phríomhchanúint ann, mar atá, an ceann tuaisceartach, atá níos cosúla leis an m[[Bealarúisis]], an ceann iardheisceartach, agus é tar éis cuid mhór focail iasachta a fháil ón b[[Polainnis]], agus an ceann oirdheisceartach, atá níos cosúla leis an Rúisis ná an bheirt eile acu. Is í canúint an oirthir a bhí mar dhúshraith leis an gcaighdeán oifigiúil le linn an [[An tAontas Sóivéadach|Aontais Shóibhéadaigh]], ach tá traidisiún liteartha dá cuid féin ag an gcanúint iartharach, ós rud é go raibh iardheisceart an limistéir ina labhraítear an teanga dealaithe ón Úcráin Shóivéadach sna blianta idirchogaidh, agus é curtha leis [[An Pholainn|an bPolainn]]. Inniu, is é iarthar na hÚcráine an chuid den tír is láidre ó thaobh na teanga dúchasaí de, agus creidtear go mbeidh an caighdeán liteartha ag éirí níos cosúla leis an gcanúint iartharach de réir mar atá an teanga ag teacht chuici féin i ndiaidh bhlianta an tSóibhéadachais.
[[Íomhá:Inf board metro.JPG|thumb|280px|left|Fógra sa mheitreo i gCív as Úcráinis]]