An difríocht idir athruithe ar: "Planda seadánach"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Planda a fhaigheann a chothú go léir is/nó a dhídean ó phlanda eile ar bhonn buan nó neamhbhuan. Ní féidir le seadáin éigeantacha maireachtáil ach ar an ...'
 
m pic
Líne 1:
[[File:Cuscuta parasite plant.JPG|thumb|''Cuscuta'', planda seadánach, ar chrann acaicia sa Phacastáin]]
[[Planda]] a fhaigheann a chothú go léir is/nó a dhídean ó phlanda eile ar bhonn buan nó neamhbhuan. Ní féidir le seadáin éigeantacha maireachtáil ach ar an mbealach seo. Tá seadáin roghnacha ann ar féidir leo maireachtáil gan an t-óstach faoi chúinsí ar leith. Is mar seo cuid mhaith [[fungas]], agus tá plandaí mar seo freisin. Maidir le plandaí bláthaithe, tá dhá shaghas seadán: ionseadáin a mhaireann taobh istigh den óstach ach a chuireann na [[Bláth (planda)|bláthanna]] amach tríd an gcoirt le [[pailniú]] is na síolta a scaipeadh, agus eicteaseadáin a mhaireann taobh amuigh den óstach ach a bhíonn greamaithe leis le horgáin ite chun cothaithe a tharraingt ó chóras soithíoch an óstaigh. Tá grúpa i bhfad níos mó de leathsheadáin le [[Duilleog|duilleoga]] glasa atá in ann cuid de na cothuithe a dhéanamh dóibh féin, ach a bhfuil orgáin fhréamhacha acu, mar atá ag na heicteaseadáin, chun cothú a fháil ón óstach. I measc na leathsheadán tá an smúitiúlacht is an [[roisnín radhairc]]. Ní seadáin gach planda a fhaigheann cuid dá chothú ó phlanda eile. Maireann cuid acu, cosúil leis na [[Magairlín|magairlíní]] is baill de chlann na bpiseanna, i ngaol siombóiseach leis an óstach. Cuid eile, is sapraifítí iad, agus cuid eile ina bplandaí creiche.