An difríocht idir athruithe ar: "Planda"
Content deleted Content added
No edit summary |
No edit summary |
||
Líne 39:
}}
Is eocaróit fhótaisintéiseach den ríocht Plantae iad '''plandaí''' den chuid is mó. Go stairiúil, chuimsigh ríocht na bplandaí gach rud beo nach ainmhithe iad, agus bhí algaí agus fungais san áirembh; mar sin féin, fágtar na fungais agus roinnt algaí as an áireamh sna sainmhínithe reatha ar Phlantae, chomh maith leis na prócaróit (na haircéigh agus na baictéir). De réir sainmhínithe amháin, cruthaíonn plandaí an clád Viridiplantae (ainm Laidine ar "phlandaí glasa") atá ina chomhchlád don Glaucophyta, agus atá comhdhéanta de na algaí glasa agus na suthfhítí nó na hEmbryophyta (plandaí talún). Áirítear leis an dara ceann na [[Angiospermae|plandaí bláthanna]], uaircínigh agus Gymnospermae eile, raithneacha agus a gcomhghuaillithe, cornlaigh, [[Marchantiophyta|aelusanna]], [[Caonach|caonaigh]].
Is orgánaigh ilcheallacha iad formhór na bplandaí. Faigheann plandaí glasa an chuid is mó dá gcuid fuinnimh ó sholas na gréine trí fhótaisintéis le clóraplaist phríomhúil a dhíorthaítear ó hinsiombóis inchriosmaitóis le cianabhaictéir. Bíonn clóraifill ina gcuid clóraplast agus b, rud a thugann a ndath glas dóibh. Tá roinnt plandaí seadánacha nó míceatrófach agus chaill siad an cumas gnáthmhéideanna clóraifill a tháirgeadh nó fótaisintéis a dhéanamh, ach tá bláthanna, torthaí agus síolta acu fós. Tá atáirgeadh gnéasach agus malartú na nglún mar chomhartha sóirt ag pladaí, cé go bhfuil atáirgeadh éighnéasach coitianta freisin.
Tá thart ar 320,000 speiceas plandaí ar eolas, agus táirgeann a bhformhór mór, thart ar 260-290 míle díobh, síolta. Soláthraíonn plandaí glasa sciar suntasach d'ocsaigin mhóilíneach an domhain, agus is iad atá mar bhonn leis an gcuid is mó d'éiceachórais an Domhain. Is bianna bunúsacha daonna iad plandaí a tháirgeann grán, torthaí agus glasraí agus tá siad ceansaithe le na mílte bliain. Tá go leor úsáidí cultúrtha agus úsáidí eile ag plandaí, mar ornáidí, ábhair thógála, ábhar scríbhneoireachta agus ba fhoinse leigheasanna agus drugaí sícighníomhacha iad freisin. Tugtar luibheolaíocht, brainse den bhitheolaíocht, ar an staidéar eolaíoch ar phlandaí.
Seo a leanas na ceithre phríomhfhíleam i [[Ríocht na bPlandaí]].
|