An difríocht idir athruithe ar: "Ceirbream"

Content deleted Content added
Cata. níos cruinne
+WD / +Refs
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Anatamaíocht}}
[[Íomhá:Lobes_of_the_brain_NL.svg|deas|250px|thumb|Ceirbream]]
 
[[Íomhá:Lobes_of_the_brain_NL.svg|deasclé|250px|thumbmion|Ceirbream]]
An chuid is mó den [[inchinn]], a shealbhaíonn an chuid is mó de chuas na blaoisce. Roinnte ina leath deas is a leath clé (na leathsféir cheirbreacha), ceangailte le corp snáithíní néarógacha (an corpus callosum). Roinntear gach [[leathsféar]] i 4 mhaothán, gach ceann ainmnithe as an g[[cnámh]] blaoisce is gaire dó: maothán tosaigh, maothán pairiatach, maothán na huisinne, agus maothán ocsapatach. Bíonn [[dromchla]] gach leathsféir cumtha as ciseal liathábhair (an [[Coirtéis|choirtéis]] cheirbreach) ina bhfuil cillchoirp na néarón atá freagrach as feidhmeanna an cheirbrim. Taobh istigh den choirtéis, toirt mhór bánábhair atá sna leathsféir a chuimsíonn, den chuid is mó, acsóin néaróin na coirtéise ceirbrí. Bíonn dromchla an cheirbrim ina shraith filltí (gyri) scartha le dabhcha (sulcais). Scarann an sulcas cliathánach maothán na huisinne ón maothán tosaigh is an maothán pairiatach, scarann an sulcas lárnach an maothán tosaigh ón maothán pairiatach, agus scarann an sulcas pairiatoscapatach an maothán pairiatach ón maothán ocsapatach. Díreach chun tosaigh ón sulcas lárnach atá an choirtéis luadrach, ina bhfuil samhlú bun os cionn den taobh urchomhaireach den cholainn. Tá samhlú na haghaidhe ag an gcuid is íochtaraí, ansin samhlú na láimhe a shealbhaíonn fairsinge réasúnta mór den choirtéis, agus ansin an ghéag uachtarach, an chabhail, agus ar an gcuid is uachtaraí, an chos. Má spreagtar cuid den choirtéis luadrach seo, crapann na matáin dheonacha sa chuid ábhartha de thaobh urchomhaireach na colainne. Faoin gcuid den inchinn a shamhlaíonn an aghaidh, ar an taobh clé, tá an chuid den inchinn a rialaíonn an urlabhra (réigiún Broca). Díreach taobh thiar den sulcas lárnach, tá an choirtéis chéadfach a ghlacann eolas céadfach ón taobh urchomhaireach den cholainn trí shoc na hinchinne is an talamas. Baineann an maothán ocsapatach le radharc na súl. Bíonn an maothán pairiatach freagrach go ginearálta as feidhmeanna céadfacha cosúil le brath tadhaill, brú, ionad na colainne, aireachtáil thríthoiseach, anailís íomhánna radharc, teanga, [[geoiméadracht]] is áirimh. Rialaíonn an maothán tosaigh na feidhmeanna luadracha, agus cur i bhfocal na hintleachta is na pearsantachta. Bíonn an chuid uachtarach de mhaothán na huisinne i bhfeighil brath fuaimeanna, agus an t-iarmhar freagrach as [[cuimhne]] is feidhmeanna éagsúla mothúcháin.
 
== Féach freisin ==
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síolSíol-anat}}
 
{{DEFAULTSORT:Ceirbream}}
[[Catagóir:Inchinn]]