An difríocht idir athruithe ar: "Loingeán"

Content deleted Content added
No edit summary
+WD / +Refs
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Anatamaíocht}}
 
[[Fíochán]] a chuireann breis leis an g[[cnámh]] sa [[Creatlach|chreatlach]] is féidir a bheith neamhbhuan (mar a bhíonn i gcnámhú ionchoindriach) nó buan (mar atá sa tsrón, na cluasa is an [[laraing]]). Cuimsíonn sé cealla beo agus ábhar idircheallach mórthimpeall orthu ina bhfuil snáithíní collaigine is/nó laistine. Níl sé crua ná láidir, agus is éasca é a ghearradh nó a ghortú le brú ard. Réasúnta neamhshoithíoch, agus cothaítear é le sreabháin na bhfíochán, ag dromchlaí na n-[[Alt (anatamaíocht)|alt]] go háirithe. 3 phríomhshaghas atá ann. Cumann loingeán gloineata samhail neamhbhuan na cnáimhe, na plátaí eipifíseacha fáis, na loingeáin easnacha ag cinn na n-easnacha, an laraing, an traicé, agus na [[broncais]] sa chóras riospráide is fochra na sróine. Cuimsíonn snáthloingeán bán burlaí fíocháin bháin shnáithínigh, a thugann neart mór inteannta dó, agus atá i láthair sna dioscaí idirveirteabracha, sa [[Peilbheas|pheilbheas]], ar dhromchlaí na n-alt sa [[dealrachán]], sa ghiall íochtarach, is sa ghlúin. Cuimsíonn snáthloingeán buí burlaí snáithíní gan ach rian d'fhíochán bán snáithíneach, agus tá i láthair sa [[Cluas sheachtrach|chluas sheachtrach]], an [[feadán éisteachta]], is an t-[[eipeaglotas]].
 
== Féach freisin ==
 
== Tagairtí ==
{{Reflist}}
 
== Naisc sheachtracha ==
 
{{Fréamh an Eolais}}
{{síolSíol-anat}}
 
[[Catagóir:Córas cnámhra-mhatánach]]