An difríocht idir athruithe ar: "Ivan IV Vasilyevich"

Content deleted Content added
+WD
No edit summary
Líne 9:
Dream an-chumhachtach, an-neamhspleách a bhí sna boigheáraigh. B'iadsan an aicme ab airde i sochaí na sean-Rúise, agus nuair nach raibh an Sár os a gcionn, ba sciobtha a d'éirigh ina mhionchogaíocht idir na teaghlaigh éagsúla faoi cé acu ba mhó cumhachta. Agus é ag fás aníos, ghlac Ivan óg col le haicme na mboigheárach go léir, ag coinneáil súile dó ar an gcineál brilsce agus bruíonachais a bhí acu eatarthu, agus gach aon fhaicsean ag iarraidh na cinn eile a chloí le láimh láidir. Nuair a tháinig Íobhán i gcrann an oiread is a bhí sé in ann dul i gceannas ar a ríocht féin, rinne sé ródach mór ar na boigheáraigh chomh maith leis na Tataraigh dheireanacha.
 
Chloígh Ivan an dá Chánacht mhóra, Kazan agus Astrakhan[[an Astracáin]], sna 1550idí, ach níor bhac sé leis an [[Cánacht na Crimé|gCrimé]], nó bhí an leithinis seo faoi choimirce Shabhdán na Tuirce, a bhí ina thiarna chomh cumhachtach dainséarach agus gurbh eagal le hIvan féin é.
 
Ba le linn Ivan a cuireadh tús le gabháltas na [[An tSibéir|Sibéire]]. Bhronn Ivan tailte móra in oirthear na Rúise - arbh ionann é ag an am agus na Sléibhte Úralacha, teorainn na [[Eoraip|hEorpa]] is na h[[Áise]] - ar thráchtálaí shaibhir dar shloinne Stroganov.