26,650
edits
mNo edit summary |
Guliolopez (plé | dréachtaí) (Ranna +IV +Íomhá +Naisc) |
||
[[Íomhá:Bonhoeffer-1932.jpg|thumb|Dietrich Bonhoeffer - 1932]]
Diagaire [[Protastúnachas|Protastúnach]] ón [[An Ghearmáin|nGearmáin]] ab ea é '''Dietrich Bonhoeffer''' (saolaíodh i m[[Wrocław|Breslau]] ar an 4 Feabhra 1906 é, agus fuair sé bás i gcampa géibhinn [[Flossenbürg]] ar an 9 Aibreán 1945) a ghlac páirt ghníomhach i gcomhcheilg [[Claus Schenk von Stauffenberg|Stauffenberg]] in aghaidh [[Adolf Hitler|Hitler]], cé go raibh sé ina chime cheana féin nuair a cuireadh iarracht mharaithe an deachtóra i gcrích.
Bhain sé amach dintiúirí an dochtúra le diagacht nuair nach raibh ach ceithre bliana fichead d'aois slánaithe aige, agus chaith sé seal sna [[SAM|Stáit Aontaithe]] agus sa [[An Spáinn|Spáinn]], sula bhfuair sé oifig eaglasta. Nuair a tháinig na [[Naitsíochas|Naitsithe]] i gcumhacht sa Ghearmáin, bhí sé ón tús go tréan in aghaidh an fhrith-Ghiúdachais, agus é ag cur go misniúil i gcoinne iarrachtaí na Naitsithe a n-idé-eolaíocht féin a chur i bhfeidhm ar eaglais Phrotastúnach na Gearmáine. Sa bhliain 1938, chuaigh sé leis an gcomhcheilg in aghaidh Hitler. Bhí sé ina eagraí mór i saol na heaglaise agus é i gceannas ar sheimineár rúnda diagachta i mblianta an Naitsíochais.
Sa bhliain 1940, choisc na Naitsithe air óráidí poiblí a thabhairt, agus go gairid ina dhiaidh sin, choisc siad air freisin scríbhneoireacht a dhéanamh. Ar an 5 Márta 1943, rinneadh príosúnach de, agus mharaigh na Naitsithe é go gairid roimh dheireadh [[An Dara Cogadh Domhanda|an chogaidh]].
{{síol}}
[[Catagóir:Daoine a rugadh i 1906|Bonhoeffer, Dietrich]]
[[Catagóir:Básanna i 1945|Bonhoeffer, Dietrich]]
[[Catagóir:Stair na Gearmáine|Bonhoeffer, Dietrich]]
[[ca:Dietrich Bonhoeffer]]
[[da:Dietrich Bonhoeffer]]
[[de:Dietrich Bonhoeffer]]
[[en:Dietrich Bonhoeffer]]
[[es:Dietrich Bonhoeffer]]
[[eo:Dietrich Bonhoeffer]]
[[fr:Dietrich Bonhoeffer]]
[[gl:Dietrich Bonhoeffer]]
[[ko:디트리히 본회퍼]]
[[hr:Dietrich Bonhoeffer]]
[[id:Dietrich Bonhoeffer]]
[[it:Dietrich Bonhoeffer]]
[[he:דיטריך בונהופר]]
[[la:Theodoricus Bonhoeffer]]
[[nl:Dietrich Bonhoeffer]]
[[ja:ディートリッヒ・ボンヘッファー]]
[[no:Dietrich Bonhoeffer]]
[[oc:Dietrich Bonhöffer]]
[[pl:Dietrich Bonhoeffer]]
[[pt:Dietrich Bonhoeffer]]
[[ro:Dietrich Bonhoeffer]]
[[fi:Dietrich Bonhoeffer]]
[[sv:Dietrich Bonhoeffer]]
[[tl:Dietrich Bonhoeffer]]
[[zh:潘霍華]]
|