An difríocht idir athruithe ar: "Ioslam"

Content deleted Content added
→‎Seicteanna: Sunnach -> Sunnaíoch agus Sitheach -> Siach + mionathruithe eile
m litriú neamhchaighdeánach
Líne 7:
== Foinse an Ainm ==
 
Focal [[An Araibis|Araibise]] é ''al-islam''(الإسلام). Is é is bunús leis an bhfocal seo ná an fhréamh thríchonsanach ''slm'' a chiallaíonn "géilleadh", is é sin, go ngéilleann an duine é féin do Dhia go suaimhneach, gan dul chun diúnais Air. Is é an Moslamach, nó ''muslim'', an duine a chleachtann an cineál seo géillte - an "géillteoir". Mar sin tá dhá bhrí ag ceachtar den dá fhocal seo: ciallaíonn siad an creideamh Ioslamach atá bunaithe ar an teachtaireacht a nochtadh do Mhuhammad, agus an duine a leanann an creideamh sin. Ach ciallaíonn siad fosta an géilleadh do Dhia, an t-adhradh agus an urraim is cuí a thabhairt Dó agus Dá chuid orduithe. Na fáithe a tháinig roimh Mhuhammad, ar nós Íosa agus na bhfáithe Giúdacha, áirítear mar MhuslamaighMhoslamaigh iad freisin, ó ghéill siad do Dhia. Sa chiall leathan, is Moslamaigh iad na hainmhithe agus na plandaí, ó tá an cineál saoil acu a d'ordaigh Dia dóibh.
 
== Ailt Bhunúsacha Chreidimh an Ioslaim ==
Líne 35:
[[Íomhá:Islam_by_country.png|thumb|Seicteanna difriúla san Ioslam {{legend|#006600|Sunnaíochas}} {{legend|#660000|Siachas}} {{legend|#000066|Ibāḍiyya}}]]
[[Íomhá:Muslims schools.png|thumb|Madhab:</br>Sunnachas: Hanafi, Hanbali, Maliki, Shafi</br>Sítheachas: Ithna'ashaariyya, Zaydi]]
Tá cuid mhaith seicteanna difriúla san Ioslam. Is é an [[Sunnachas|Sunnaíochas]] an tseict is mó; formhór MhuslamaighMhoslamaigh an domhain, is Sunnaigh iad. Is é an [[Sítheachas|Siachas]] an dara leagan is mó den Ioslam, agus é féin deighilte ina sheicteanna éagsúla. Bunús na scoilte, eascraíonn sé as ceart comharbachta an Fháidh Muhammad; de réir na Siach, ba chóir ball de theaghlach Mhuhammad a theacht mar chomharba air. San idirlinn, d'fhorbair difríochtaí suntasacha sna deasghnáthaí idir an Sunnaíochas agus an Siachas freisin, ach aontaíonn an dá dhream ar phríomhcheisteanna an chreidimh. Tá lucht leanúna an tSiachais ina bhformhór i measc MhuslamaighMhoslamaigh na [[An Liobáin|Liobáine]], na h[[An Iaráic|Iaráice]], na h[[An Iaráin|Iaráine]], agus Bhairéin; agus tá mionlaigh thábhachtacha Siacha sa [[An Phacastáin|Phacastáin]] agus in [[Poblacht Éimin|Éimin]] freisin; sna tíortha eile, is iad na Sunnaigh an dream is líonmhaire, ach amháin in Óman, áit a mbaineann an tromlach leis an Ioslam Iobádaíoch.
 
== Tagairtí ==