An difríocht idir athruithe ar: "CLG Cnoc an Doire (Luimneach)"
Content deleted Content added
m Botún litrithe |
m botún litrithe |
||
Líne 31:
== Stair ==
Bhí an iomáint ag leathnú siar trí Chontae Luimnigh nuair a ghlacadh le rialacha caighdeánacha an spóirt i
Ghlac an club páirt i gcomórtais a eagraíodh i lár agus in iarthar an chontae le linn blianta na 1880í agus na 1890í agus is cosúil gur ghlacadar ''Cluain Cath'' mar ainm orthu féin nuair a thosnaíodar ag imirt i gcraobhacha oifigiúla an chontae. Tá tuairiscí ann ón mbliain 1903 faoi chluichí iomána agus peile a chailleadar i gcoinne [[CLG Fíonach/Cill Mhíde|Fíodhnach]] i gcomórtas Fíodhnach. Tháinig feabhas ar an iomáint sa pharóiste ina dhiaidh sin agus bhí an club ag imirt faoin ainm ''Cnoc an Doire'' sa bhliain 1911 nuair a bhuaigh [[CLG Ráth Caola|Ráth Caola]] orthu i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach Chontae Luimnigh.
|