An difríocht idir athruithe ar: "Ailtireacht Ghotach"

Content deleted Content added
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
+WD
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Saothar Ealaíne‎}}
[[Íomhá:Reims Kathedrale.jpg|200px|mionsamhail|deas|Façade d'[[Ardeaglais Reims]], an Fhrainc]]
 
An fhoirm [[Ailtireacht|ailtireachta]], reiligiúnda de ghnáth, a bhí forleathan in [[iarthar]] [[An Eoraip|na hEorpa]] ón [[12ú haois|12ú céad]] go dtí déanach sa [[15ú haois|15ú céad]]. Bhíodh airíonna sainiúla aici, ina measc an áirse bhiorach, an boghta iomaireach, an taca crochta, taobhanna maorga istigh, agus fairsinge uasmhéideach [[fuinneog]] le [[gloine dhaite]] shofaisticiúil. Saothraíodh cuid mhaith stíleanna éagsúla. Tháinig ailtireacht Ghotach chun cinn sa Fhrainc i lár an 12ú céad. Shroich sí Éire go luath sa 13ú céad. Is í an áirse rinneach sainchomhartha na hailtireachta Gotaí (ba í an áirse chruinn sainchomhartha na hailtireachta Rómhánúla). Mar a luadh thuas, ba í an aolchloch rogha na dtógálaithe Gotacha, cé go raibh sé níos deacra í a shnoí ná gaineamhchloch. Is iad an dá Ardeaglais i mBaile Átha Cliath, [[Ardeaglais Theampall Chríost|Ardeaglais Chríost]] agus [[Ardeaglais Phádraig]], an dá shampla tógála is fearr ón 13ú céad. Is sampla maith eile í an Ardeaglais ar [[Carraig Phádraig|Charraig Phádraig]] i gCo. Thiobraid Árann.