An difríocht idir athruithe ar: "Rialtas na hÉireann"

Content deleted Content added
+WD
Zemant (plé | dréachtaí)
🇮🇪🇮🇪🇮🇪
clib: Mobile edit Mobile web edit
Líne 8:
Is féidir leis an Taoiseach Airí Stáit a roghnú freisin, ainm eile a thugtar orthu ná Airí Sóisearacha. Ní baill den chomh-aireacht iad ach cuidíonn siad leis na hAirí Rialtais ina gcuid oibre Rialtais agus ina gcuid oibre sa Roinn atá faoina gcúram. Roghnaíonn an Taoiseach [[Ard-Aighne na hÉireann|Ard-Aighne]], freisin, chun comhairle dlí a chuir ar fáil don Rialtas. Ní ball den Rialtas An tArd-Aighne ach de réir traidisiún déanann sé/sí freastal ar chruinnithe den chomh-aireacht.
 
De réir [[Bunreacht na hÉireann|Bhunreacht na hÉireann]], tá an Rialtas freagrach do Dháil Éireann. Mar sin bíonn an Rialtas in oifig an fhad agus atá tacaíocht tromlach na dteachtaí i nDáil Éireann aige. Má chailleann an Taoiseach tacaíocht tromlach na Dála, ní mór dó/dí éirí as a p(h)ost nó iarraidh ar an Uachtarán an Dáil a lánscoir. D'fhéadfadh sé seo tarlú i gcás comhrialtais nach mbeadh in ann comhoibriú lena chéile a thuilleadh. Má dhéantar an Dáil a lánscoir, tá ollthoghchán ann. Tar éis an [[olltoghchán|ollthoghcháin]] ní mór go mbeadh tacaíocht tromlach na dteachtaí sa Dáil nua ag an té a ainmnítear mar Thaoiseach.
 
{{Ranna Stáit na hÉireann}}