An difríocht idir athruithe ar: "Parsoic"

Content deleted Content added
No edit summary
+WD
 
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Aonad}}
 
Aonad faid é an '''parsoic''', arb ionann é agus timpeall ar 30.9 trilliún [[ciliméadar]] (nó, le bheith beacht, 30,856,775,814,671,900 méadar), nó 3.26 [[solasbhliain]] (níos cruinne, 3.261564 solasbhliain). Tá an focal féin, ''parsec'' as [[Béarla]], bunaithe ar ''parallax second'', is é sin saobhdhiallas-soicind. Is é is saobhdhiallas ann ná gluaiseacht na réalta trasna na spéire, mar stua, nó mar uillinn. Is iad na céimeanna, na stuanóiméid agus na stuashoicindí aonaid thomhaiste an tsaobhdhiallais. Má chuireann an réalta aon stuashoicind amháin di trasna na spéire, agus an stuashoicind sin ag freagairt d'aon [[aonad réalteolaíoch]] amháin gluaiseachta, glacfar leis go bhfuil an réalta suite faoi aon pharsoic amháin dínn. Is ionann an t-aonad réalteolaíoch agus meánfhad an Domhain ón [[An Ghrian|nGrian]]. De réir mar a bhíonn an Domhan ag dul timpeall na Gréine, bíonn mionathruithe saobhdhiallais le haithint ar áit na réaltaí ar an spéir, agus is féidir a aithint ar an saobhdhiallas seo cé chomh fada is atá na réaltaí sin suite uainn. Mar sin, is aonad praiticiúil é an parsoic, nó ceadaíonn sé dúinn an stua a chlaochlú go fad gan aon fhoirmle matamaitice ar leith.
 
Line 5 ⟶ 7:
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
{{Síol-fisic}}
 
[[Catagóir:Aonaid faid]]