An difríocht idir athruithe ar: "An Choirnis"

Content deleted Content added
m Botún litrithe
m botún litrithe
Líne 16:
Is í an Choirnis Choitianta an ceann is deireanaí acu. Tá sí bunaithe ar theanga na ndrámaí céanna agus an Choirnis Aonchineálaithe, ach in áit úsáid a bhaint as an litriú comhaimseartha, tá litriú dá cuid féin ag an gCoirnis Choitianta atá bunaithe ar an bhfuaimniú, de réir mar a thuigeann cumadóir na Coirnise Coitianta é. Mar sin, is é an litriú an difríocht is suntasaí idir an dá chineál Coirnise seo.
 
[[File:Percentage Cornish speakers 2011.JPG|mion|clé|% daoine a dúirt go raibh Coirnis an príomhtheanga a bhí acu Ii gach paróiste de réir daonáireamh [[Ríocht Aontaithe|R.A.]] 2011.]]
 
Tháinig an Choirnis Choitianta in úsáid go forleathan i ngluaiseacht athbheochana na Coirnise sna 1990idí, ach san am céanna, is iomaí locht a fuair teangeolaithe oilte uirthi. Inniu, tá [[Nicholas Williams]], an teangeolaí Sasanach atá lonnaithe i m[[Baile Átha Cliath]] agus é ina fhile Coirnise sular tharraing sé Gaeilge líofa air féin, ar an duine is mó a dhéananns tromaíocht ar an gCoirnis Choitianta. Is é a bharúil féin ná gur fearr an Choirnis Aonchineálaithe a fhorbairt agus a fheabhsú, ós rud é go bhfuil sí bunaithe ar an litriú traidisiúnta. Dar leis, ba chóir don ghluaiseacht athbheochana díriú ar an teanga thraidisiúnta, seachas teanga shaorga dá cuid féin - agus is é an meas atá aige ar an gCoirnis Choitianta gur teanga shaorga atá ann.