An difríocht idir athruithe ar: "Mainistir Bhuithe"

Content deleted Content added
Aerchasúr (plé | dréachtaí)
No edit summary
+WD
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Foirgneamh}}
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}} [[Íomhá:Ardchros Mhuirígh.jpg|thumb|Ardchros Mhuireadhaigh. Féach na radhairc mhionsomracha a snoíodh ina screamh.]]
 
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}} [[Íomhá:Ardchros Mhuirígh.jpg|thumbmion|clé|Ardchros Mhuireadhaigh. Féach na radhairc mhionsomracha a snoíodh ina screamh.]]
Is fothrach mainistreach í '''Mainistir Bhuithe''' (Béarla: ''Monasterboice'') i ndeisceart [[Contae Lú|Chontae Lú]], díreach ó thuaidh ó [[Droichead Átha|Dhroichead Átha]]. Bunaíodh lonnaíocht [[Críostaíocht|Chríostaí]] ann ag deireadh an [[5ú haois|chúigiú chéad]]. Ceaptar gurb é [[Baoithe Mac Brónach]], a fuair bás timpeall na bliana 521, cléir de shliocht ríthe na [[Mumhan]], a bhunaigh é. Bhí clú agus cáil air mar naomh a rinne míorúiltí ar na heasláin agus fiú ar na mairbh. Bhí an Mhainistir ina lárionad léinn sa cheantar go dtí gur bhunaigh na [[Cistéirsigh]] [[An Mhainistir Mhór]] ) (''Béarla: Mellifont Abbey'') sa bhliain 1142.
 
Line 7 ⟶ 9:
Áirítear Cros Mhuirígh i Mainistir Bhuíthe (c.923 A.D.) mar shárshaothar na n-ardchros uile. Cros le colún ard agus géaga measartha gairid le ciorcal lárnaithe ar an bpointe a ngearrann siad trasna a chéile atá ann (i.e. cros rothlach.). Bhí [[Muiredach Mac Domhnaill]], a fuair bás sa bhliain 923 ina ab ar an mhainistir. Tá os cionn 250 cros in [[Éirinn]]. Ní fhaightear ardchrosa s[[an Eoraip]] ach in Éirinn agus sna tíortha a bhí faoi thionchar na hÉireann ag an am, [[Alba]], [[Oileán Mhanann|Manainn]] agus [[Sasana]].
 
[[Íomhá:An Cloigtheach.jpg|thumb|clé|An Cloigtheach. Mar chosaint ar ruathair na Lochlannach a tógadh na cloigthithe. B'áiteanna faire agus tearmainn do mhuintir na mainistreach iad. Bhíodh an doras de gnáth 15-20 troigh os cionn na talún agus dréimire inaistrithe suas chuige. Bhíodh ceithre úrlár nó tuilleadh á roinnt laistigh. Tá an cloigtheach 110 troigh in airde inniu. Tá an talamh ina thimpeall ardaithe anois agus tá an caipín coirceogach ar iarraidh.]]
Léiríonn na h-ardchrosa gaol áirithe le dealbhóireacht ón [[An tSeoirsia|tSeoirsia]] agus ón [[An Airméin|Airméin]] a d’fhéadfaí a thréithriú mar anáil an mhanachais Cheartcheidmhigh. Ach d’ainneoin sin léiríonn íocónagrafaíocht na gcros nasc le sacrcafagais Luath-Chríostaí na Róimhe. Tugtar Crosa Screaptra orthu chomh maith mar gheall ar sin. Is cosúil gur athchruthú oilithreacht don Róimh a bhí iontu.