An difríocht idir athruithe ar: "Lorenzo Ó Meachair"

Content deleted Content added
m Litriú caighdeánaithe
m gramadach
Líne 40:
Thiar sa bhliain 1924 a fuair Meagher a chéad deis chun imirt leis an bhfoireann idir-chontae, i gcluiche in aghaidh [[CLG Coiste Contae Áth Cliath|Bhaile Átha Cliath]]. Chaill na Cait an cluiche seo, áfach, ach bhí siad ar ais sa bhliain 1925 nuair a bhain siad [[Craobh Laighean]], agus bhí a chéad corn buaite ag an imreoir óg. Ní raibh ann ach díomá arís dóibh sa chluiche leathcheannais, nuair a fuair [[CLG, Coiste Contae Thiobraid Árainn|Tiobrad Árainn]] an lámh in uachtar orthu.
 
Bá bhliain iontach í 1926 do Mhuintir Uí Meachair, nuair a tháinig a dheartháireacha Henry agus Willie isteach i bhfoireann na gCat. Bhí tús maith acu chomh maith, le bua i gCraobh Laighean agus áit ina chéad cluichechluiche ceannais na hÉireann. Thugadar aghaidh ar [[CLG Coiste Contae Chorcaí|Chorcaigh]] ar an lá seo, lá ina raibh [[Páirc an Chrócaigh]] clúdaithe faoi bhrat sneacht. Fuair na Ceannarcaigh an bua, le scórlíne deiridh 4-6 go 2-0. Buille tubaisteach a bhí ann do mhuintir iomána Chill Chainnigh, agus tháinig meath mór ar an bhfoireann idir-chontae ar feadh tamaill gearr.
 
Bhí 1931 ann nuair a thosaigh cúrsaí ag éirí níos fearr do na Cait, agus tháinig siad ar ais le Ó Meachair ina chaptaen orthu. Bhain sé a tríú corn Laighin amach, agus cháiligh Cill Chainnigh don chluiche deiridh arís. Cé a bhí ann ag fanacht dóibh ach na Ceannarcaigh arís. Ócáid iontach a bhí ann, cluiche géar a chríochnaigh ar chomhscór 1-6. Bhí athimirt de dhíth mí níos déanaí, cluiche a bhí chomh géar is a bhí an chéad babhta. Bhí Ó Meachair ag imirt ag barr a mhaitheasa ag an am seo, rud a léirigh sé go soiléir le sár-chúilín a chuir sé thar an trasnán ó 90 slat amach. In ainneoin an sár-iarracht a chuir Ó Meachair isteach, ní raibh faic idir na foirne ag deireadh an lae, agus imríodh comhscór arís 2-5. Mar sin, lean an sága ar aghaidh go dtí an tríú cluiche, an dara athimirt, ach gortaíodh Ó Meachair sa dara cluiche (easna briste) agus níor ghlac sé aon pháirt. Mar gheall ar ghortú a gcaptaen, ba bheag nar ghéill na Cait agus sheol siad amach foireann óg a chaill le scór deiridh 5-8 go 3-4.