An difríocht idir athruithe ar: "Maredudd ap Bleddyn"

Content deleted Content added
+WD
m gramadach
Líne 21:
Nuair a rinne Anraí Shasana ionradh ar an mBreatain Bheag sa bhliain [[1114]], rinne Maredudd síocháin leis go tapaidh, ach chuaigh Owain i gcomhghuallaíocht le [[Gruffydd ap Cynan]] as Gwynedd chun a gcuid tailte a chosaint. Níor mhéadaigh cumhacht Maredudd gur d’éag Owain sa bhliain 1116, agus tháinig Maredudd i gcomharbacht air mar rialtóir Powys. Sheol sé 400 gaiscigh chuig [[Hywel ab Ithel]], tiarna [[Rhos]] agus [[Rhufoniog]] faoi choimirce Powys, le cabhair a thabhairt in aghaidh chomharsaí Hywel, mic [[Owain ab Edwin]] as [[Dyffryn Clwyd]]. Bhuaigh Hywel orthu ag [[Cath Maes Maen Cymro]] sa bhliain [[1118]], gar do [[Ruthin]], ach gortaíodh é, agus cailleadh é sé seachtain ina dhiaidh sin. Dá bharr sin, ghlac mic Gruffydd ap Cynan seilbh ar na dtailte seo ar son Gwynedd, agus Maredudd gan chumhacht chun iad a shéanadh.
 
Rinne Maredudd ruathair ar [[Cheshire]] sa bhliain [[1121]], agus rinne Anraí ionradh ar Phowys de dheasca sin. Theith Maredudd go dtí [[Eryri]] agus d’iarr sé ar Ghruffydd ap Cynan cabhair a thabhairt dó. Áfach, ní raibh Gruffydd sásta a chuir i gcoinne an rí ar son Maredudd, agus faoi dheireadh ní raibh rogha ag Maredudd ach síocháin a cheannach le 10,000 bhó. Lean Gwynedd ar aghaidh bhrú a chur ar Phowys, agus ghlac mic Gruffydd ap Cynan (Cadwallon agus [[Owain Gwynedd]]) seilbh ar mhórán chríocha sa bhliain 1124. Maraíodh Cadwallon ag troid in aghaidh arm Phowys gar do [[Llangollen]] sa bhliain 1132, a chuir stad leis na hionsaí ar feadh tamaill. Ní raibh Maredudd páirteach sa chath, agus fuair sé bás sa bhliain céannachéanna. Tháinig a mhac, [[Madog ap Maredudd]] i gcomharbacht air.
 
{{Monarcaí Powys}}