An difríocht idir athruithe ar: "An Háig"

Content deleted Content added
m Litriú caighdeánaithe
m gramadach
Líne 1:
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}}
Is í '''an Háig''' an príomhchathairphríomhchathair ar an [[An Ollainn Theas|Ollainn Theas]] san [[An Ísiltír|Ísiltír]]. Tá 500 000 duine (ó 1 Meán Fómhair 2011) ina gcónaí ann agus is í an tríú chathair is mó san Ísiltír, i ndiaidh [[Amstardam]] agus [[Rotterdam]]. Tá an Háig lonnaithe in iarthar na hÍsiltíre, i lár chomhchathair Haaglanden agus i gcúinne thiar theas de chuid na comhchathrach níos mó ar a dtugtar "Randstad".
 
Tá an Háig mar shuíomh do rialtas, parlaimint agus Cúirt Uachtarach na hÍsiltíre, mar aon le Comhairle an Stáit, ach ní príomhchathair na hÍlstíre í os rud é gurb é Amstardam príomhchathair na tíre ó thaobh an bhunreachta de. Tá Rí [[Willem-Alexander na hÍsiltíre]] ina cónaí in Huis ten Bosch agus oibríonn sí i bPálás Noordeinde san Háig. Tá na hambasáidí eachtracha uile agus 150 eagraíocht idirnáisiúnta lonnaithe sa chathair, lena n-áirítear [[an Chúirt Bhreithiúnais Idirnáisiúnta]] agus [[an Chúirt Choiriúil Idirnáisiúnta]]. Dá bhrí sin, is ceann de na príomhchathracha a óstálann na Náisiúin Aontaithe (in éineacht le Nua-Eabhrac agus leis an nGinéiv) í an Háig.