An difríocht idir athruithe ar: "Síle na gcíoch"

Content deleted Content added
m Róbat: Athruithe cosmaideacha
m gramadach
Líne 16:
Tá na gnáth-thréithe ag baint leo: cluasa spréite; súile móra agus iad mar a bheidís ag stánadh ort (gan iontu ach poill uaireanta); béal gránna strabhsach agus stríoca domhaine ar na leicne uaireanta. Tá idir sheisce agus thorthúlacht le haithint orthu de bharr shnoiteacht an chuid uachtair den cholainn agus na pite áibhéilí thíos. Is minic na cíocha gan toirt nó ina scibirlíní agus na heasnacha ag gobadh amach. Os a choinne sin, bíonn imleacán suntasach ann agus pit thoirtiúil anchumtha. Is minic na lámha sínte i dtreo na pite nó ag teagmháil léi. Is léir gur chuir na fíoracha seo múisiam ar dhaoine éigin agus loitmhilleadh déanta ar dheilbhíní Shíle na gcíoch i m[[Baile na Cloiche]], i m[[Biorra]], i g[[Cluain Lára]], i nDubhadh, i Mainistir Fhiodh Ard, i [[Mainistir na Croise Naofa]], sa [[Machaire|Mhachaire]] agus i n[[Dúrlas Éile|Durlas]].<ref>Freitag, 2004, lgh 4-10.</ref>
 
I [[Contae Thiobraid Árann|dTiobraid Árann]] atá an cuidchuid is mó de na deilbhíní seo. Tá ceann acu ar fhoirgneamh de chuid an 15ú haois ar [[Carraig Phádraig|Charraig Phádraig]], agus é suite ar chúinne a bhfuil radharc maith air ag teacht isteach duit. Deilbhín síonchaite é, ach is féidir a chuid tréithe a aithint. Tá ceann eile ar chúl Óstán Phálás Chaisil (teach mór a thóg an Ardeaspag Bolton san [[18ú haois]]), agus na saintréithe uile le feiceáil air, cé gur giorraíodh cuid den chloch.<ref>Counihan, 1992, lch 230.</ref>
 
Tháinig deilbhín eile chun solais sa bhliain 1990 agus é bainte de bhalla seanscoile i d[[Tulach Ruáin]] i g[[Contae Chill Chainnigh]]. B’fhéidir go bhfuil baint aige le Caisleán an Ghrásaigh i m[[Baile an tSoirtéalaigh]]. Tá deilbhín eile ar Chaisleán na Cloiche Mantaí sa chontae céanna, rud a threiseodh leis an teoiric go raibh Síle na gcíoch ann mar chosaint ar chontúirt.<ref>Counihan, 1992, lch 230-31.</ref>