An difríocht idir athruithe ar: "Lorenzo Ó Meachair"

Content deleted Content added
m gramadach
m gramadach
Líne 46:
Cé go raibh sé ar thaobh na gcailliúnaithe in dhá chluiche ceannais, níor chaill Lory Ó Meachair muinín ar bith. Bhuaigh na Cait Craobh Laighean arís sa bhliain 1932, agus ghlac siad áit sa chluiche mór arís. Bhí Curaidh na Mumhan,[[CLG Coiste Chontae an Chláir|an Clár]], ós a gcomhair an bhliain seo. Chuir Ó Meachair sár-thaispeántas isteach arís ar an lá, le cúl ó phoc sleasadh a bhain an corn dóibh, 3-3 in éadan 2-3. Sa deireadh, bhí a chéad bonn uile-Éireann aige.
 
An bhliain dardár gcionn, bhuaigh Ó Meachair agus na Cait boinn sa t[[Sraithchomórtas Iomána Náisiúnta]], an chéad uair a bhaineadar an trófaí agus an ceann deireanach go dtí [[1962]]. Lean an rath ar aghaidh i gcraobh na hÉireann, le bua i gCraobh Laighean agus sa chluiche leathcheannais. [[CLG Coiste Luimneach|Luimneach]] a bhí ann ina n-éadan, ach ní raibh siad ábalta na Cait a chloígh agus thóg Ó Meachair a dara bonn uile-Éireann abhaile. Chaill Cill Chainnigh a gcoróin i gCraobh Laighean áfach sa bhliain 1934. Ní dhearna siad an botún céanna sa bhliain 1935, agus bhain siad an craobh amach arís, an séú ceann do Ó Meachair. Bhuail siad le Luimneach arís sa chluiche mór - curaidh na hÉireann, curaidh an tSraith agus gan chailliúint i 31 cluiche. Mar gheall ar seo, creideadh go mbeadh bua éasca eile ag na Mumhanaigh. Tháinig 46,000 amach go Páirc an Chrócaigh ar lá an chluiche. Cé go raibh an bháisteach ag titim go trom, níor chuir sé isteach ar chaighdeán na hiomána, agus imríodh ceann de na claissaicí. Ní raibh a lán idir na foirne sa chéad leath, ach ag tús an dara leath sheol Ó Meachair, captaen na foirne, cúilín ollmhór thar an trasnán ó lár na páirce, agus d'oscail sé bearna nach ngéillfeadh na Cait arís. Bhí an lá ag na gCait, an tríú bhonn do Ó Meachair. Tar éis an bua stairiúil seo, d'fhógair Ó Meachair go mbeadh sé ag cur deireadh leis a ghairmréim idir-chontae.
[[Íomhá:Cracked and splintered hurley.jpg|mion]]
[[Íomhá:Kilkenny colours.PNG|mion]]