An difríocht idir athruithe ar: "Rothar"

Content deleted Content added
No edit summary
m gramadach
Líne 12:
== Stair ==
 
Is iomaí réamhtheachtaí a bhí ann don rothar. Deirtear gurbh é an CúntaCunta Mede de Sivrac a d'fhorbair an ''célérifère'' dérothach sa bhliain 1790 nó 1791, agus gur chuir sé os comhair an tsaoil mhóir í sa ''Phalais-Royal''. Ní raibh ann ach dhá roth agus fráma adhmaid eatarthu, agus an rothaí ina shuí ar an bhfráma seo agus ag baint tacaíochta as an talamh. Ní raibh gléas stiúrtha ná tiomáint ann. Is é an tuiscint atá ag lucht na staire ar an scéal inniu nach raibh ''célérifère'' dérothach ann ar aon nós, agus gur gléas ceithre roth a bhí i gceist i ndáiríre. Ní raibh ann ach gur bhain an t-iriseoir clúiteach Francach Louis Baudry de Saunier an chiall chontráilte as na pictiúir chomhaimseartha nuair a bhí sé ag déanamh taighde ar stair na ngléas gluaiste seo céad bliain i ndiaidh lá an ''célérifère''.
 
Ba é an Gearmánach [[Karl Drais von Sauerbronn]] a d'fhorbair an chéad dérothach daontiomáinte, an ''Laufmaschine'', nó meaisín reathaíochta, mar a thug sé air. Thóg sé an chéad mheaisín sa bhliain 1817, agus fuair sé paitinn air sa chéad bhliain eile. Ba é dérothach Drais - ar a dtugtaí ''draisine'' nó ''draisienne'' freisin, is é sin, gléas Drais, nó ''velocipede'', rothar coise - an chéad dérothach a raibh rath ceart air, ach sa deireadh, ba iad na timpistí a rinne cabhóg an rothair choise seo, nó is é an tátal a bhain a lán údaráis áitiúla astu gur gléas dainséarach a bhí ann, agus thosaigh cathracha móra ag cur coisc leis an rothar coise.