An difríocht idir athruithe ar: "Dolly Pentreath"

Content deleted Content added
Rescuing 1 sources and tagging 0 as dead.) #IABot (v2.0.9.2
litriú
 
Líne 10:
== Cainteoirí Coirnise níos deireanaí ==
 
Fuair Barrington litir an bhliain i ndiaidh bhás Dolly Pentreath, scríofa sa gCoirnis le haistriúchán Béarla, ó iascaire as Porthynys darbh ainm Bodinar (nó Bodener), ag rá go raibh eolas aige ar chúigear a riabhraibh Coirnis acu sa mbaile beag áirithe sin amháin. Luann Barrington John Nancarrow ó Mharghasyow (Marazion i mBéarla) a bhí ina chainteoir dúchais agus a mhair go dtí na 1790idí.<ref>Ellis, P. Berresford (1971?) ''The Story of the Cornish Language'', Truro: Tor Mark Press</ref><ref>Ellis, P. Berresford (1974) ''The Cornish Language and its Literature''. London: Routledge & Kegan Paul''</ref>.
 
Tá conspóid ann mar gheall ar stádas Dolly mar an cainteoir deireanach dúchais, cosúil le go leor de na “cainteoirí deireanacha dúchais” eile. D’fhoghlaim William Bodinar (a d’éag in 1794) [[An Choirnis|Coirnis]] agus é ina ghasúr agus, sa mbliain [[1776]], bhí sé fós in ann litir a scríobh sa teanga. Maíonn cúpla scoláire oirirc, Henry Jenner, Morton Nance agus Philip Payton ina measc, gur cheart go ndearcfaí ar John Davey as Boswednack (a d’éag 1891) mar an cainteoir “traidisiúnta” deireanach; dúradh gur labhair sé i gCoirnis lena chat i riocht is go gcoinneodh sé an teanga beo. Tá roinnt amhrais maidir le méid a chumais sa teanga; b’fhéidir gur cuireadh cuid acu ina leith níos déanaí. Bhí sé in inmhe filíocht a chumadh sa gCoirnis agus thóg Cumann Chorn na Breataine Seanda (''Old Corwall Society'') plaic chuimhneacháin sa mbliain 1980 a mhaíos gurbh é “''the last to possess any considerable traditional knowledge of the Cornish Language''”.<ref>http://www.cornwallinfocus.co.uk/language/language.php</ref> Bhí an Choirnis fós á labhairt ina dhiaidh sin; d’fhoghlaim cúpla duine scoite an teanga agus mhair focail de bhunús Coirnise i gcanúint áitiúil an Bhéarla, dar ndóigh. Cuireadh síos ar Alison Treganning, a fuair bás sa mbliain 1906, mar chainteoir Coirnise agus Béarla freisin. San am i láthair, tá roinnt páistí agus daoine fásta óga a labhraíos leaganacha éagsúla de Choirnis athbheoite mar chainteoirí dúchais. Mar shampla, is cainteoir dúchais na Coirnise agus na [[An Bhreatnais|Breatnaise]] ó aois a hóige í an [[ceoltóir]] [[An Bhreatain Bheag|Breatnach]] Gwenno Saunders ón ngrúpa The Pipettes.