An difríocht idir athruithe ar: "André-Marie Ampère"

Content deleted Content added
Rescuing 1 sources and tagging 0 as dead.) #IABot (v2.0.9.2
Líne 9:
Tá clú agus cáil ag Ampère i gcúrsaí eolaíochta de bharr an naisc a rinne sé idir [[leictreachas]] agus [[maighnéadas]], agus ag chuir tús le staidéar an leictreamaighnéadais. Ar an [[11 Meán Fómhair]] [[1820]], chuala Ampère faoi aimsiú [[Hans Christian Ørsted|H. C. Ørsted]], go ndéanann sruth voltach gníomh ar snáthaid maighnéadach. Seachtain ina dhiaidh sin, léirigh Ampère páipéar ag míniú céard a bhí ag tarlú.
 
Léirigh Ampère, gur aomadh dhá shreang chomhthreomhara i dtreo a chéile nuair a bhí sruth ag sreabhadh tríd an dá cheann sa treo céanna. Mar sin féin, d’éar na sreanga a chéile nuair a bhí na sruthanna ag sreabhadh sna treonna contrártha.<ref>{{Lua idirlín|url=https://www.ista.ie/wp-content/uploads/2016/10/ESB.pdf|teideal=TUISCINT AR GHINIÚINT AN LEICTREACHAIS|údar=ESB|dátarochtana=2021|archivedate=2021-10-26|archiveurl=https://web.archive.org/web/20211026153636/https://www.ista.ie/wp-content/uploads/2016/10/ESB.pdf}}</ref>
 
Lean Ampère ag staidéar ar an leictreamaignéadas, agus d'fhionn sé teoiric mhatamaiticiúil a mhínigh na heachtraí a bhí feicthe cheana féin.