An difríocht idir athruithe ar: "Seilbh na Rúise ar cheithre réigiún san Úcráin, 2022"

Content deleted Content added
No edit summary
Líne 3:
 
=== Cúlra ===
Bhí fonn ar Uachtarán na Rúise, [[Vladímír Pútín|Vladimir Putin]], teorainn na Rúise a bhogadh ionas go mbeidh sé in ann a rá gur cogadh cosanta atá ar siúl aige. Is ar an gcaoi chéanna seo a ghabh an Rúis [[leithinis]] na [[An Chrimé|Crimé]] in 2014, tar éis dóibh 'reifreann' a thionól, ceann a cáineadh toisc gan é a bheith iontaofa.<ref; name=":0" />‘cur i gcéill’ a bhí ann.
 
Bhí bagairt déanta ag Vladimir Putin, go n-úsáidfidh sé [[airm núicléacha]] chun na ceithre réigiún a chosaint, más gá, nuair a bheas ionghabháil déanta orthu.<ref>{{Luaigh foilseachán|title=Seilbh glactha ag an Rúis ar cheithre réigiún san Úcráin|url=https://www.rte.ie/news/nuacht/2022/0930/1326372-an-ruis-chun-ionghabhail-a-dheanamh-ar-zaporizhzhia-inniu/|date=2022-09-30|language=ga-IE|author=Nuacht RTÉ}}</ref>
[[Íomhá:President Vladimir Putin celebrating with Russian-installed leaders of the four regions 2.jpg|clé|mion|30 M.F. 2022ː 'ceannairí' na réigiún sa Chreimilː Volodymyr Saldo, Yevgeny Balitsky, [[Vladímír Pútín|Vladimir Putin]], Denis Pushilin, agus Leonid Pasechnik]]
 
=== Imeachtaí ===
[[Íomhá:Опубликованы итоги референдума о вхождении ДНР, ЛНР, Запорожской и Херсонской областей в состав РФ.webm|clé|mion|'an-tacaíocht'ː níos mó ná 87% sa réigún Kherson agus sna 90idí sna réigiún eile.]]
Reachtáladh 'reifrinn' idir 23-27 Meán Fómhair i gceithre réigiún (Donetsk, Luhansk, Kherson agus Zaporizhzhia) ina raibh smácht ag arm na Rúise (cé nach raibh smacht iomlán ag an Rúis ar na críocha sin go léir). Cuireadh ceist ar na pobail iontu ar mhaith leo a bheith mar chuid den Rúis. Cuireadh iallach ar na pobail iontu vótáil ar son an Úcráin a fhágáil,<ref name=":0" />
 
Mhol rialtas na hÚcráine dá shaoránaigh gan páirt a ghlacadh sa phróiseas, ós rud é nach reifrinn shaora a bhí iontu.