An difríocht idir athruithe ar: "Noel Gallagher"

Content deleted Content added
m gramadach
Rescuing 1 sources and tagging 0 as dead.) #IABot (v2.0.9.2
Líne 5:
 
== Tús a shaoil ==
Saolaíodh Noel Gallagher i Longsight, réigiún timpeall trí mhíle ó theas ó chathair Mhanchain. Tá sé ar an dara duine de triúr buachaill a rugadh le tuismitheoirí Éireannacha - is as [[Contae Mhaigh Eo|Co. Mhaigh Eo]] dá mháthair Peggy agus as [[Contae na Mí]] dá athair Tommy<ref>[{{Lua idirlín |url=http://www.irishtimes.com/newspaper/theticket/2008/1003/1222815469295.html?via=mr |teideal=The Irish Times 3 Deireadh Fómhair 2008] |dátarochtana=2008-10-04 |archivedate=2011-11-15 |archiveurl=https://web.archive.org/web/20111115155809/http://www.irishtimes.com/newspaper/theticket/2008/1003/1222815469295.html?via=mr }}</ref>. Nuair a tháinig a dheartháir Liam ar an saol sa bhliain 1972, bhog an teaghlach go Ashburn Avenue, áit atá suite sa bhruachbhaile Burnage. Bhí óige deacair ag Noel, agus é ag troid go minic i gcoinne a athar, fear a bhí faoi tionchar an óil i gcónaí. De bharr an teannais a bhí sa teach agus an brú a bhí orthu, bhí stad sa chaint aige féin agus a dheartháir is sine Paul. Roinn sé seomra leapa le Liam agus iad ag fás aníos.
 
Fuair Peggy Gallagher scaradh dlíthiúil óna fear céile sa bhliain 1976, ach d'fhanadar le chéile ar feadh sé bliana déag eile sular d'fhág Peggy an teach, ag tógáil na buachaillí ina h-éineacht.