An difríocht idir athruithe ar: "An Bhablóinia"

Content deleted Content added
Created by translating the page "Babylonia"
No edit summary
Líne 1:
{{WD Bosca Geografaíocht Pholaitiúil}}
[[Stát (polaití)|Stát]] [[An Chianaois|cianársa]] agus réigiún cultúrtha i lár agus i ndeisceart na Measpatáime ([[an Iaráic]] agus cuid den t[[An tSiria|Siria]] sa lá atá inniu ann) ab ea '''an Bhablóinia''' ([[An Acáidis|Acáidis]]: 𒆳𒆍𒀭𒊏𒆠, māt Akkadī). Tháinig stát beag chun cinn sa bhliain 1894 [[Anno Domini|RC]], faoi riail na nAmórach, ina raibh mionbhaile riaracháin na [[An Bhablóin|Bablóine]].<ref>F. Leo Oppenheim, ''Ancient Mesopotamia''</ref> Baile beag cúigeach a bhí sa Bhablóin le linn [[Impireacht na hAcáide]] (2335–2154 RC), ach leathnaigh sí go mór le linn réimeas Hamúráibí sa chéad leath den 18ú haois RC go dtí go raibh sí ina príomhchathair mhór. Le linn réimeas Hamúráibí agus ina dhiaidh sin, thugadh “tír na hAcáide” (''Māt Akkadī'' san Acáidis) ar an mBablóinia, seanainm a roghnaíodh d'aon ghnó mar thagairt do sheanghlóir Impireacht na hAcáide.<ref>{{Cite web-en|url=http://www.aliraqi.org/forums/showthread.php?t=69813|title=Aliraqi - Babylonian Empire|access-date=2015-02-21|archive-url=https://archive.is/20150221193358/http://www.aliraqi.org/forums/showthread.php?t=69813|archive-date=2015-02-21}}</ref><ref>{{Cite web-en|url=https://www.livius.org/articles/place/babylonian-empire/|title=Babylonian Empire - Livius}}</ref> Ba mhinic a bhí an Bhablóinia in iomaíocht leis [[an Aisiria]], stát níos sine ar a taobh ó thuaidh, agus le hÉalám, soir ón Bhablóinia sa [[Stair na hIaráine|tSean-Iaráin]]. Bhí an Bhablóinia ina mórchumhacht sa réigiún ar feadh tamaill bhig, tar éis do Hamúráibí impireacht a chruthú a tháinig i gcomharbacht ar Impireacht na hAcáide, ar Thríú Ríshliocht Ur, agus ar Shean-Impireacht na nAisiriach. Thit Impireacht na Bablóinia as a chéile go tapa tar éis bhás Hamúráibí go dtí go raibh sí ina ríocht bheag arís.
 
Line 4 ⟶ 5:
 
Bhí cathair na Bablóine luaite den chéad uair ar tháibléad cré ó réimeas [[Sargón an Acáid|Sargón na hAcáide]] (2334–2279 RC), ag dul siar go dtí an 23ú haois RC. Ní raibh sa Bhablóin ag an am sin ach lárionad creidimh agus cultúir; ní raibh sí ina stát neamhspleách ná ina cathair mhór fós. Cosúil leis an gcuid eile den [[An Mheaspatáim|Mheaspatáim]], bhí sí faoi ghéillsine Impireacht na hAcáide a d'aontaigh iomlán cainteoirí na hAcáidise agus na Suiméirise faoi riail amháin. Tar éis titim Impireacht na hAcáide, bhí deisceart na Measpatáime faoi riail na nGútach ar feadh cúpla scór bliain sular tháinig Tríú Ríshliocht Ur chun cinn, stát a chuimsigh an Mheaspatáim ina hiomláine (seachas tuaisceart na hAisiria), an Bhablóin san áireamh.
 
== Tagairtí ==
{{reflist}}
 
[[Catagóir:Iar-impireachtaí]]
[[Catagóir:Iarthar na hÁíse]]