An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tOspidéal/Cathair Fuiseog"

Content deleted Content added
Rescuing 2 sources and tagging 0 as dead.) #IABot (v2.0.9.2
m botún litrithe
Líne 37:
Tháinig scoilt le linn blianta na 1940í nuair a bhuníodh club iomána Cathair Fuinse, lean An tOspidéal san iomáint agus d’imir peileadóirí an pharóiste le club eile darbh ainm dó ''Cill Frois/An tOspidéal''. Ghabh an club peile Craobh Sóisear an Deiscirt don chéad uair i ndiaidh dóibh shárú ar [[CLG Gallbhaile (Luimneach)|Ghallbhaile]] i gcluiche ceannais na bliana 1950 agus d’éirigh leo arís sna blianta 1955 agus 1956. Le linn na tréimhse céanna, d’imir peileadóirí Cathair Fuinse in éineacht le peileadóirí [[CLG Cathair Laighin|Cathair Laighin]] ar feadh roinnt blianta faoin ainm ''Cóstóirí Ráth Shiúrdáin''.
 
Thit an iomáint agus an pheil i léig ina dhaiadhdhiaidh sin go dtí gur tháinig An tOspidéal agus Cathair Fuinse le chéile arís faoin ainm ''Na Fianna'' sa bhliain 1972. D’éirigh leo i gCraobh Iomána Sóisear an Deiscirt an bhliain dár gcionn ach d’éiríodar as an iomáint ar fad sna blianta 1975 agus 1976 nuair a bhí nasc i bhfeidhm le [[CLG Cnoc Áine|Cnoc Áine]] inar imir peileadóir an dá pharóiste le Na Fianna agus na hiománaithe le Cnoc Áine. Tháinig an chéad theideal an chontae chuig an bparóiste nuair a bhuaigh Na Fianna ar [[CLG Úlla|Ulla]] i gcluiche ceannais Craobh Peile Sóisear Chontae Luimnigh sa bhliain 1975.
 
Nuair a chuireadh deireadh leis an gcomhaontas le Cnoc Áine, thosnaíodar ag imirt iomána agus peile faoi ainm an pharósite. Sa bhliain 1983, ba iad An tOspidéal/Cathair Fuinse an chéad chlub a bhuaigh Craobh Peile Sóisear A (i ndiaidh bhuachaint ar [[CLG An Gleann (Luimneach)|An nGleann]]) agus Craobh Iomána Sóisear A an Chontae (tar éis [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Ardach]] a chloí) sa bhliain chéanna.