Teoiric chandamach na n-idirghníomhuithe laga ina n-aontaítear an [[fórsa núicléach lag]] is an fórsa leictreamaighnéadach. Foirmlíodh i [[1968]] í ag na fisicithefisiceoirí [[Stáit Aontaithe Mheiriceá|Meiriceánacha]] Sheldon Glashow ([[1932]]-) is Steven Weinberg ([[1933]]-) agus an [[Fisic|fisicí]] Pacastánach Abdus Salam ([[1926]]-[[1996]]). Samhlaítear go dtarlaíonn [[meath radaighníomhach]] trí idirghabháil an [[W-cháithnín]]. Réamhinsíonn an teoiric seo an mhais cheart do na W- is Z-cháithníní trí bhriseadh spontáineach na siméadrachta. Bronnadh [[Duais Nobel]] na Fisice ar Glashow, Salam agus Weinberg sa bhliain [[1979]].