An difríocht idir athruithe ar: "Spás-am"
Content deleted Content added
Colin Ryan (plé | dréachtaí) mNo edit summary |
m litriú neamhchaighdeánach |
||
Líne 6:
Sa bhliain 1906, beagán tar éis gur fhoilsigh [[Albert Einstein]] teoiric na coibhneasachta, nocht a iarmhúinteoir [[Hermann Minkowski]] dearcadh nua i leith an spáis agus an ama, dearcadh a chuir treise ar airíonna céimseatúla. Tugtar spás-am air seo.
Toisc gur trí thoise atá sa spás agus gur toise amháin atá san am, ní foláir don spás-am a bheith ceathairthoiseach. Creidtear gur “contanam” é toisc, go bhfios dúinn, nach bhfuil aon phointí in easnamh ar an spás ná aon mheandair in easnamh ar an am agus gur féidir iad beirt a fhoroinnt dá bharr gan aon teorainn lena méid ná lena fad. Dá bhrí sin, is gnách le
Ní dhéanann an spás-am éabhlóid; tá sé buan ann féin. Nuair a scrúdaítear rud i bhfianaise an spás-ama, tá gach cáithnín den rud sin le fáil ar a dhomhanlíne. Sin líne atá ag síneadh ón am atá caite go dtí an t-am atá le teacht agus a thaispeánann an áit a bhfuil an cáithnín gach meandar. Má éirionn leat domhanlíne iomlán cáithníní a dhéanamh amach ó na fórsaí atá ag dul i bhfeidhm air, beidh a stair iomlán soiléirithe agat. Ní athraíonn an domhanlíne le himeacht aimsire ach fanann go socair mar atá sí.<ref> Dr. Sten Odenwald, ’What is a space time continuum?’: http://einstein.stanford.edu/content/relativity/q411.html</ref>
|