An difríocht idir athruithe ar: "Printísigh Dhoire"

Content deleted Content added
+WD
m litriú neamhchaighdeánach
 
Líne 1:
{{WD Bosca Sonraí Eagraíochta}}
 
Cumann bráithriúil do [[Protastúnachas|Phrotastúnaigh]] is ea '''Printísigh Dhoire''' ([[Béarla]]: ''Apprentice Boys of Derry''). Bunaíodh an t-eagras sa bhliain [[1814]]'; tá a cheanncheathrú suite i n[[Doire]], [[Tuaisceart Éireann]]. Is é is príomhchuspóir do na Printísigh ná [[léigear Dhoire]] sa bhliain [[1688]] a cheiliúradh agus a chuimhne a urramú. B'ansin a d'ionsaigh [[Séamus II|Séamus a' Chaca]] (an rí [[Sasana]]ch [[Caitliceach]]) Doire, a bhí ina cathair an-Phrotastúnach san am, agus mar sin, tá an-tábhacht leis an léigear seo i siombalachas an Aontachtachais thuaidh. Bíonn na Printísigh ag máirseáil sna sráideanna faoina gcuid bratach i ndilchuimhne ar na himeachtaí staire sin, agus ba mhinic a tharraing siad ciréibícíréibeacha, agus an chuma dhúshlánach a bhí ar a gcuid mórshiúlta i súile na gCaitliceach. Le déanaí, táthar ag iarraidh cosúlacht agus cur chuige níos síochánta a chleachtadh, le maolú ar an teannas idirphobail.
 
Bhí nasc idir na Printísigh agus [[Páirtí Aontachtach Uladh]] ón mbliain [[1911]] go dtí na [[1970í]].
Líne 7:
Sa bhliain [[1969]], nuair a rinne [[Constáblacht Ríoga Uladh]] (RUC) iarracht paráid de chuid na bPrintíseach a chur trí [[Taobh an Phortaigh|Thaobh an Phortaigh]] (nó '''Taobh an Bhogaigh''') le treise lámh, thosaigh [[Cath Thaobh an Phortaigh]] (nó '''Cath Thaobh an Bhogaigh'''). Measainn a lán daoine gurbh é seo a chuir tús leis [[na Trioblóidí|Trioblóidí]] dháiríre.
 
Sa bhliain [[1986]], chuir [[rialtas na Breataine]] cosc ar pharáid i b[[Port an Dúnáin]]. D'éirigh ciréibícíréibeacha idir lucht tacaíochta na paráide agus an Chonstáblacht. Sa teagmháil seo, fuair Keith White bás, agus é ar an chéad Phrotastúnach riamh a cailleadh le [[piléar plaisteach]] le linn na dTrioblóidí.