An difríocht idir athruithe ar: "CLG An tOspidéal/Cathair Fuiseog"

Content deleted Content added
m botún litrithe
m botún litrithe
Líne 41:
Nuair a chuireadh deireadh leis an gcomhaontas le Cnoc Áine, thosnaíodar ag imirt iomána agus peile faoi ainm an pharósite. Sa bhliain 1983, ba iad An tOspidéal/Cathair Fuinse an chéad chlub a bhuaigh Craobh Peile Sóisear A (i ndiaidh bhuachaint ar [[CLG An Gleann (Luimneach)|An nGleann]]) agus Craobh Iomána Sóisear A an Chontae (tar éis [[CLG Naomh Ciarán (Luimneach)|Ardach]] a chloí) sa bhliain chéanna.
 
I ndiaidh Craobh Peile Idirmheánach an Chontae a bhuachaint sa bhliain 1989, shroich An tOspidéal/Cathair Fuinse trí chluiche ceannais [[Craobh Peile Sinsear Chontae Luimnigh|Craobh Sinsear an Chontae]] as a chéile ach chailleadar i gcoinne [[CLG Gaeil Ghailtí|Fánaithe Ghleann an Chorráin]] sa bhliain 1991, [[CLG An Caisleán Nua Thiar|An Chaisleáin Nua Thiar]] sa bhliain 1992 agus [[CLG Clochán (Luimneach)|Chlocháin]] sa bhliain 1993. Bhí an míádhmí-ádh orthu ar a gceathrú iarracht chomh maith nuair a bhuaigh [[CLG Baile an Londraigh|Baile an Londraigh]] othu sa bhliain 1999.
 
Ba chlub sinsear sa dá chód é An tOspidéal/Cathair Fuinse tar éis dóibh an bua d’fháil ar [[CLG Saor Theas|Shaor Theas]] i gcluiche ceannais Craobh Iomána Idirmheánach an Chontae na bliana 2002 ach níor fhan na hiománaithe ann ach ar feadh dhá bhliana. Thiteadar síos go dtí an tríú grád an bhliain dár gcionn ach d’filleadar ar an iomáint idirmheánach ar an gcéad iarracht nuair a bhuadar Craobh Sóisear A an Chontae don dara uair i ndiaidh dóibh [[CLG Cróch/Cill na Fíonaí|Cróch/Cill na Fíonaí]] a shárú i gcluiche ceannais na bliana 2005.