An difríocht idir athruithe ar: "Cúmánaigh"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
Sa tríú haois déag, chuaigh Cúmánaigh an Iarthair leis an gCaitliceachas, agus an chraobh de na Cúmánaigh ar a dtugtaí Gagauz, ghlac siad leis an gCríostaíocht Oirthearach. D'iompaigh na Cúmánaigh Oirthearacha leis an Ioslam, agus d'imigh siad i measc threibheacha Turcacha eile a bhfuil cónaí orthu i nDeisceart na Rúise agus in aice leis an Rúis.
 
Maidir leis na Cúmánaigh Chríostaí, chaill an chuid is mó acu a dteanga agus a bhféiniúlacht chultúrtha i rith na gcéadta bliain, agus iad ag glacadh le príomhtheanga na dtíortha ina raibh cónaí orthu - an Ungáiris nó an Rómáinis, go príomha. Is dócha gur éag cainteoir dúchais deireanach na Cúmáinise Ungáraí san tseachtú haois déag. Mar sin féin, bhí sórt féinrialtais ag na Cúmánaigh áitiúla san Ungáir i bhfad i ndiaidh dóibh a dteanga agus a nósanna a dhearmad. Is é sin, cé go raibh an cultúr imithe, tugadh aitheantas dóibh mar ghrúpa eitneach ar leith. Bhí an polasaí céanna i bhfeidhm san Ungáir i leith an phobail úd "[[Jász]]", a raibh teanga Iaránach ag a sinsir. Níor tháinig deireadh le féinrialtas na gCúmánach Ungárach ach sa naoú haois déag.
 
D'fhág na Cúmánaigh cuid mhaith téacsanna ina dteanga féin ina ndiaidh, go háirithe an ''Codex Cumanicus'', sórt lámhleabhar do na misinéirí Caitliceacha a bhí ag iarraidh an teanga a labhairt. Mar sin, tá an t[[Aivé Máiria]] agus an t[[Ár nAthair]] ar fáil sa Chodex sa teanga, chomh maith le hábhar Críostaí eile agus béaloideas Cúmánach. Ós rud é gur teanga Thurcach (nó teanga Tuircice) atá i gceist, níl sé deacair ag saineolaithe ar an léann Turcach ciall iomlán a bhaint as an gCúmáinis. Is í an Tatáiris Chriméach an teanga is gaolmhaire leis an gcineál seo Cúmáinise, ach ós rud é nach ndeachaigh na Cúmánaigh Chríostaí leis an Ioslam riamh, ní raibh an oiread focal iasachta ón Araibis agus ón bPeirsis ina dteanga agus a bhíonn i dteangacha Tuircice an lae inniu.