An difríocht idir athruithe ar: "Falcóg mhór"

Content deleted Content added
No edit summary
No edit summary
Líne 3:
Is éard atá i gceist leis an bh'''falcóg mhór''' ná speiceas éin a chuaigh in éag faoi lár na naoú haoise déag. Is é an t-ainm eolaíoch atá air ná ''Pinguinus impennis''. Cé go bhfuil an fhalcóg mhór cosúil leis na [[piongainí]], níl sí gaolmhar leo - fuair siad a n-ainm uaithi, áfach, nó is é ''pen gwyn'' ainm Breatnaise na falcóige móire, agus chuaigh sé in úsáid i dteangacha eile fosta. Ceann de na h''Alcidae'' í an fhalcóg mhór, is é sin, bhí dlúthghaol aici leis an bh[[foracha]] (an t-éan aille) ''Uria aalge'' agus leis an g[[crosán]] ''Alca torda''. Bhí an fhalcóg mhór 75-85 ceintiméadair ar airde agus timpeall ar chúig cileagraim ar meáchan.
 
Ní chuireadh an fhalcóg mhór ach aon ubh amháin in aghaidh aon séasúr goir amháin, rud a chiallaigh go raibh líon na n-éanacha seo sách mall ag dul i méadaíocht fiú faoi na himthosca ab fhabhraí. Ní raibh siad in ann eitilt ar bith a dhéanamh, agus nuair a thagadh na foghlaeirí, bhíodh na falcóga móra sách mall ag teitheadh uathu. Bhí an-mheas ag na mairneálaigh ar fheoil na bhfalcógfalcóige mórmóire, agus fuarthas a cuid cleití úsáideach chomh maith. Mar sin, ní ábhar iontais é i ndiaidh an iomláin an dóigh a ndeachaigh an t-éan seo in éag.
 
Roimh dhíothú an speicis bhí an fhalcóg mhór le feiceáil ar feadh an Atlantaigh Thuaidh san Oileán Úr agus san Eoraip araon, agus í ag marú iasc. Dealraíonn sé áfach nach raibh ach fiche áit ag an bhfalcóg mhór ar fud an domhain le neadacha a thógáil agus an ubh aonair a ghoradh. Bhí aillte arda agus fargáin ag teastáil ón bhfalcóg mhór le haghaidh na neide, agus ní raibh an timpeallacht oiriúnach ar fáil di ach i mbeagán áiteanna.