An difríocht idir athruithe ar: "Bráithreachas Sagartúil Naomh Peadair"

Content deleted Content added
Rang
mNo edit summary
Líne 1:
Bunaíodh '''Bráithreachas Sagartúil Naomh Peadair''' ([[Laidin]]: ''Fraternitas Sacerdotalis Sancti Petri'' - '''FSSP''') ar an [[18 Iúil]] [[1988]], tar éis do scata beag sagairt agus ábhar-sagairt Cumann Pius X a fagáil nuair a cuireadh coinneal-bhá ar an Ardeaspag Marcel Lefebvre. Bhí an grúpa seo i dteagmháil leis an Cairdinéal Ratzinger (anois an [[Pápa Beinidict XVI]]) agus an Msr Josef Stimpfle, Easpag Augsburg. Chuireadh futhu i Wigratzbad na Baváire i ndeoise Augsburg. Ar 18 Deireadh Fómhair 1988, tugadh aitheantas dóibh mar chumann cléire na beatha aspalda de réir dleachta pontifiúil.
 
Ní ord rialta é an Bráithreachas, ach comhphobail sagart saolta atá ann chun gá aspalda na hEaglais a freagairt agus Leabhar Aifrinn 1962 a úsáid. Léann siad an t[[Aifreann Laidineach]] de réír riotais an Phápa Eoin XXIII (ar a tugtar an Aifreann Treinteach air comh maith). Tá dhá chliarscoil ag an Bráithreachas: Coláiste Peadar Naofa, Wigratzbad sa Ghearmáin agus Coláiste Muire Guadalupe, Denton, Nebraska sna [[SAM|Stáit Aontaithe]]. Tá tithe ullmhúchána ag an Bráithreachas sa Fhrainc agus san Astráil comh maith.
 
Ó thús umhail, tá tuaraim is 200 sagairt agus 120 ábhar-sagairt anois. Tá siad ag obair i 17 tír faoi láthair.