An difríocht idir athruithe ar: "YYA"

Content deleted Content added
m robot Adding: sv:VSB-avtalet
mNo edit summary
Líne 1:
Seasann na litreacha '''YYA''' do na focail Fhionlainnise ''ystävyys, yhteistyö, avunanto'', nó cairdiúlacht, comhoibriú agus cuidiú. Tagraíonn siad don Chonradh um Chaidreamh Cairdiúil, Chomhoibriú, agus Chuidiú, a shínigh [[Vyacheslav Molotov]], aire gnóthaí eachtracha an [[An tAontas Sóivéadach|Aontais Shóivéadaigh]], agus [[Mauno Pekkala]], Príomh-Aire na Fionlainne, ar an séú lá de Mhí Aibreáin sa bhliain [[1948]].
 
Ar dtús, mhol an tAontas Sóivéadach don [[An Fhionlainn|Fhionlainn]] conradh um chomhoibriú míleata a shíniú, cosúil leis na conarthaconarthaí a bhí ag na Sóivéadaigh leis na [[Stát satailíteach|stáit shatailíteacha]] in Oirthear na hEorpa. Ní raibh na Fionlannaigh sásta leis an moladh seo, agus bhí eagla ar chuid mhór acu gurbh ionann a leithéid de chonradh a shíniú agus neamhspleáchas na tíre a thabhairt suas ar fad. Bhí na Sóivéadaigh sásta, áfach, dul i gcomhchainteanna leis na Fionlannaigh faoi ábhar an chonartha, agus sa deireadh thiar thall, bhí an conradh sách difriúil leis na conarthaí a bhí ag an Aontas Sóivéadach le tíortha Oirthear na hEorpa.
 
==Téacs an Chonartha==