An difríocht idir athruithe ar: "Luainíocht na gcónocht"

Content deleted Content added
Leathanach cruthaithe le 'Feiniméan a tharlaíonn mar gheall ar na hathruithe malla ar threoshuíomh ais rothlaithe an Domhain sa spás. Tarraingíonn aomadh imtharraingteach An...'
 
No edit summary
chlib amháin: Reverted
Líne 1:
[[File:N pole precession.png|thumb|right|An réamh -mheastachán ar chosán réamh -chúlaithe an Phol Thuaidh ar spéir sheasta na haoise J2000.0 don eatramh ama ó 48000 roimh an ré choiteann go 52000 an ré choiteann.<ref>{{Cite journal |last=Vondrák |first=J. |last2=Capitaine |first2=N. |last3=Wallace |first3=P. |date=2011-10-01 |title=New precession expressions, valid for long time intervals |url=https://www.aanda.org/articles/aa/abs/2011/10/aa17274-11/aa17274-11.html |journal=Astronomy & Astrophysics |language=en |volume=534 |pages=A22 |doi=10.1051/0004-6361/201117274 |issn=0004-6361}}</ref>]]
Feiniméan a tharlaíonn mar gheall ar na hathruithe malla ar threoshuíomh ais rothlaithe [[An Domhan|an Domhain]] sa spás. Tarraingíonn aomadh imtharraingteach [[An Ghrian|na Gréine]] is [[An Ghealach|na Gealaí]] boilsc mheánlíneach an Domhain, rud a chruthaíonn [[casmhóimint]] nó cúpla a luascann an ais rothlaithe trí chón sa spás, ag uillinn 23.5° leis an bplána meánlíneach, agus tréimhse 25,800 bliain ag an luascadh sin. Toradh suntasach ar an [[luainíocht]] seo is ea go n-athraíonn ionad gach aon rinn spéire go leanúnach, de bhrí go n-athraíonn bunphointe an chórais chomhordanáidigh (mar a dtrasnaíonn an mheánlíne is an t-[[éiclipteach]], [[Túsphointe an Reithe]]) agus go ngluaiseann siar 50 [[soicind]] stua in aghaidh na bliana. Mar sin, luann catalóga na [[Réalta|réaltaí]] an bhliain chuí maidir le hionad réaltaí, chun gur féidir na hionaid chruinne ag aon am eile a ríomh. Toradh eile is ea go n-inscríobhann an mol neamhaí [[ciorcal]] ar thrastomhas 47°. Mar sin, i gceann 14,000 bliain, is é [[Vega (réalta)|Vega]] a bheidh ina réalta thuaidh agus ní [[An Réalta Thuaidh|Polaris]].